Tá fuinneamh úr sa phobal spóirt i Leamhcán agus na Gaeil Óg CLG ag ullmhú d’imeacht speisialta atá le borradh mór a chur faoin gcumann, Quid Game na nGael Óg, imeacht nua bailithe airgid a bheidh ar siúl ar an 29 Samhain 2025. Cumann lán-Ghaeilge atá fréamhaithe go domhain sa cheantar is ea na Gaeil Óg, agus tá siad anois ag lorg tacaíocht ó ghnólachtaí áitiúla chun an oíche uathúil seo a thabhairt chun críche ar ardchaighdeán.
Is éard atá i gceist leis an Quid Game ná oíche lán le cluichí spreagúla, greannmhara agus dúshlánacha, spraoi don lucht féachana agus deis iontach do rannpháirtithe duaiseanna airgid a bhuachan, dóibh féin agus do chlub nó carthanas dá rogha féin. Meastar go mbeidh slua mór i láthair, idir bhaill an chumainn, clann, cairde agus lucht tacaíochta na Gaeilge i gceantar Leamhcáin agus níos faide i gcéin. Ar an ábhar sin, is deis mhór í an oíche do ghnólachtaí a bhfuil suim acu a láithreacht sa phobal a threisiú agus tacú le cumann atá ag fás ó bhliain go bliain.
Tá sé soiléir ó theachtaireacht an chumainn go bhfuil pacáiste urraíochta ann do gach leibhéal buiséid. Mar chuid den iarracht urraitheoirí a mhealladh, tá cúig phríomhphacáiste urraíochta curtha ar fáil, gach ceann acu ag tairiscint infheictheacht shuntasach ar an oíche agus ar ardáin chumarsáide na nGael Óg.