
Is ball den ghrúpa rap móréilimh Kneecap é Naoise Ó Cairealláin, ar a dtugtar Móglaí Bap. D’fhógair sé níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil sé ag tiomsú airgid don Phalaistín.
Tá an grúpa ó Bhéal Feirste ag dul ar chamchuairt san Eoraip an mhí seo. Beidh Móglaí Bap ag rith 10km i ngach cathair ina mbeidh an grúpa ag seinm.
Roinn sé an t-eolas faoin ócáid tiomsaithe airgid seo Dé Luain ar Instagram. Bhí nasc ann chun airgead a bhronnadh, le leathanach tiomsaithe airgid ar Donorbox. Tá a sprioc £10,000 bainte amach aige cheana féin, ach tá an nasc fós gníomhach le haghaidh síntiús.
Bhí an chéad rás i bPáras Dé Luain agus an dara rás in Amstardam Dé Céadaoin. Is iad Brighton, Learpholl, Caerdydd, Briostó, Leeds, Newcastle, Sheffield, Birmingham, Manchain agus Glaschú na háiteanna eile ar an gcamchuairt. Dúirt sé go bhféadfadh cuid de na ritheanna a bheith leis an bpobal ina phostáil ar Instagram.
Tá an feachtas tiomsaithe airgid á reáchtáil ag Cumann Forbartha Beit Lahia in Gaza agus Glór na Móna i mBéal Feirste, i gcomhar leis an ngiomnáisiam pobail Aclaí ar an mBruach Thiar sa Phalaistín.
Beidh an t-airgead ón bhfeachtas seo ag dul díreach go Gaza chun beartáin bhia a thabhairt do theaghlaigh easáitithe. Ina theannta sin, cuirfear ceardlanna sorcais ar fáil le Gaza Stars Circus School do pháistí easáitithe in Gaza.
Rinne Móglaí Bap ócáid tiomsaithe airgid ar chamchuairt eile anuraidh agus bhailigh sé breis is €30,000 le haghaidh beartáin bhia in Gaza.