Mír ghramadaí: An aimsir láithreach (an chéad réimniú)

Domhnall Mac Concharraige

Úsáidtear an aimsir láithreach chun tagairt a dhéanamh do rud a tharlaíonn go rialta, mar shampla, inniu, gach lá, gach seachtain.

Cosúil leis an aimsir chaite ar fhéachamar uirthi an tseachtain seo caite, is aimsir réasúnta simplí í. Féach ar na rialacha thíos sula bhfreagróidh tú na ceisteanna.

Rialacha simplí

  • An fhoirm dhiúltach: 
  • ní + consan = séimhiú
  • ní + guta = faic
  • An fhoirm Cheisteach:
    • an + consan = urú
    • an + guta = faic

An chéad réimniú

Briathra aonsiollacha atá sa chéad réimniú, mar shampla tóg, fág, fill

Ná déan dearmad ar chaol le caol agus leathan le leathan. Bíonn deireadh difriúil ar na briathra ag brath ar an gconsan deiridh a bheith caol nó leathan.

Briathar caol, cuirBriathar leathan, fág
CuirimFágaim
Cuireann túFágann tú
Cuireann sé/síFágann sé/sí
CuirimidFágaimid
Cuireann sibhFágann sibh
Cuireann siadFágann siad

Déan na ceisteanna thíos i do chóipleabhar. Cuir na briathra sna lúibíní san aimsir láithreach. Is briathra den chéad réimniú iad ar fad.

1. (Faigh) tú bia Síneach ar an Aoine.
2. (Déan) mé m’obair bhaile gach oíche.
3. An (feic) sí na soilsí thall ansin?
4. Ní (tóg) sí lón léi gach Céadaoin.
5. (Féach) muid ar scannáin gach deireadh seachtaine.
6. An (ól) siad na deochanna sa teach tabhairne.
7. An (cuir) tú na leabhair ar ais ar an tseilf.
8. Ní (dún) muid na fuinneoga ag deireadh an lae.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.