Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Bhí cúpla lá iontach ag Troy Parrott, imreoir sacair an-óg de chuid na hÉireann. San alt seo foghlaimeoimid faoi na buaicphointí in a ghairmréim ghairid. 

Rugadh Troy Parrott ar an 4 Feabhra 2002. Is as Rae Portland dó i mBaile Átha Cliath 1 i gcroílár na cathrach. Rugadh é sa cheantar dúchais céanna le Kellie Harrington agus Wes Hoolahan. D’fhreastail sé ar Scoil Uí Chonaill atá suite díreach taobh leis an gCuarbhóthar Thuaidh. D’imir sé peil Ghaelach agus é óg do Scoil Uí Chonaill agus Naomh Iósaf Buachaillí Uí Chonaill.

Thosaigh sé ag imirt sacair le club áitiúil darb ainm Belvedere F.C a imríonn a gcluichí baile i bPáirc Fhionnradhairc. Shínigh sé a chéad chonradh le Tottenham Hotspur nuair a bhí sé 17. D’imir sé a chéad chluiche sa i bpríomhshraith Shasana i gcluiche i gcoinne Burnley. Bhuaigh siad 5-0 ar an lá agus bhí Jose Mourinho ina bhainisteoir orthu ag an am seo. In 2020 shínigh sé conradh nua a mhairfeadh 3 bliana, ach an bhliain dár gcionn chuaigh sé ar iasacht go Millwall. Gortaíodh é go dona sa chos an séasúr seo agus níor imir sé ach 11 uair. An bhliain dár gcionn arís bhog sé go MK Dons ar iasacht agus anseo scóráil sé a chéad cúl sinsir i gcoinne Sunderland. D’fhorbair sé go mór i séasúr 2021-2022 agus scóráil sé 8 gcúl san iomlán.

In 2024 d’fhógair Tottenham gur bhog Parrott go club sacair AZ Alkmar san Ísiltír ar chostas 8 millúin euro. I mbliana is léir go bhfuil sé ag baint sult as a shacar, agus ainmníodh é mar imreoir na míosa san Eredivisie, príomhshraith sacair na hÍsiltíre, i Mí na Nollag 2024. Níl an séasúr thart go fóill agus ta 20 cúl faighte aige.

Go hidirnáisiúnta ta clú agus cáil air anois mar gheall ar an taispeántas a léirigh sé i gcoinne na Poirtaingéile, nuair a scóráil sé dhá chúl, agus i gcoinne na hUngáire, nuair a scóráil sé tréchleas, an chéad imreoir Éireannach a rinne é seo ó Robbie Keane. Agus é 23 bliain d’aois tá súil againn go mbeidh go leor blianta agus cúl eile aige san am amach romhainn.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Scríobh dhá phíosa eolais maidir le luathshaol Troy Parrott.
  2. Cé hiad na daoine cáilúla eile ón gceantar dúchais céanna?
  3. Cén fhoireann i bpríomhshraith Shasana ar thosaigh sé ag imirt leo?
  4. Scríobh dhá phíosa eolais maidir lena dhul chun cinn an séasúr seo.

Tasc breise

An bhfuil réalta spóirt nó duine cáilúil ó do cheantar dúchais? Déan taighde orthu agus ullmhaigh cur i láthair ar a ngairmréim agus a saol.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.