Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Sitoman / Wikipedia
Tá an geimhreadh linn agus tá na laethanta ag éirí níos giorra. Roimh i bhfad beidh níos lú ná 8 n-uaire de sholas na gréine againn. Beidh an lá is giorra sa bhliain ann ar an 21 Nollaig. Mar sin foghlaimeoimid faoi áit an-tábhachtach i stair agus béaloideas na hÉireann, is é sin Sí an Bhrú.
Tá Sí an Bhrú suite i mBrú na Bóinne i gContae na Mí. Is tuama pasáiste é atá i measc na séadchomarthaí is ársa ar domhan. Mar shampla, tá sé níos sine ná na pirimidí in Giza san Éigipt.
Meastar gur tógadh Sí an Bhrú idir 5,500 B.C agus 2,900 RCh de réir dátú charbón 14. Léiríonn fianaise gur úsáideadh clocha a bhí suite na céadta ciliméadar ón láthair, rud a léiríonn gur innealtóirí oilte a thóg Sí an Bhrú. B’áit adhlactha é, ach chomh maith leis sin is sort féilire é a mharcálann na séasúir, agus na grianstadanna. Uair sa bhliain, ag brath ar an aimsir, téann solas na gréine isteach sa tuama ar an 21 Nollalg. Tá neart bíseanna le feiceáil ar na clocha atá suite anseo agus ansúid timpeall an cheantair.
Rinneadh obair chaomhnaithe ar an láthair i rith an 20ú haois agus sa lá atá inniu ann is musaem é a dtéann na mílte ann chun foghlaim faoi réamhstair na hÉireann. Gach bliain ag griantsad an gheimhridh eagraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí crannchur do dhaoine a bheith taobh istigh den tuama nuair a théann solas na gréine isteach. Meastar go gcuireann 40,000 duine isteach ar an gcrannchur gach bliain.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cé chomh sean is atá Sí an Bhrú?
- Cén fhianaise a léiríonn gur innealtóirí oilte a thóg Sí an Bhrú?
- Céard iad na húsáidí a bhí ar an láthair?
- Cén fhianaise atá ann a léiríonn go raibh meas ag na tógálaithe ar ealaíon?
Scríobh dhá phíosa eolais faoin láthair sa lá atá inniu ann.