Dé hAoine an 14 Samhain

Oíche Iodálach
Bí linn d’oíche bhreá lodálach le bia agus atmaisféar álainn.
7 pm
An Chultúrlann, Oileán Árainn Mhór
Tá áiteanna teoranta agus caithfear áit a chur in áirithe.
Cuir d’áit in áirithe le coamteo@gmail.com
Beidh éarlais le híoc roimh ré

Lámha Cruthaitheacha, Ealaín le Caitlin
Do thuismitheoirí agus páistí
3.15 go 4.45 pm
Seomra Poiblí, Tóin Re Gaoith
Níl aon chostas ar an ócáid, ach caithfear clárú roimh ré le:
siobhan@tuismitheoiri.ie nó 085 8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tráth na gceist boird as Gaeilge
7.30 go 10 pm
Clubtheach CLG Carraig Thuathail
T45 WY03
Boird de cheathrar €40
Is féidir foireann a chur le chéile ar an oíche. Mar sin, tar ar aon nós.
Chun boird a chur in áirithe cuir glaoch ar 086-2618034
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Charraig Thuathail

Dé Sathairn an 15 Samhain

Ceardlann comórtais amhráin nua phan-Cheiltigh 2026
10.30 am go 3 pm
Ionad Ealaíne Visual, Ceatharlach.
Tá an comórtas chun amhrán nua as Gaeilge a aimsiú don Fheile Phan-Cheilteach 2026 fógartha agus tá ceardlann á reachtáil chun cabhrú leat amhrán a chumadh.
Urraithe ag an Oireachtas, déanfaidh an ceoltóir agus cumadóir Fiach Ó Muircheartaigh an cheardlann a threorú
Níl aon táille le híoc ach tá spásanna teoranta.
Cláraigh le pancelticcarlow@gmail.com

Ciorcal Comhrá Gaeilge
Óstán Fearnáin, an Cabhán. 
Téama, an Geimhreadh. 
Tá fáilte roimh dhaoine atá líofa sa Ghaeilge agus iad siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú.
Tuilleadh eolais ó Pádraig ag 087 6401682 nó glorbhreifne@gmail.com
Arna eagrú ag Glór Bhréifne

Scéalta, rannta agus ceol le chéile
Le Julie Anne De Brún
Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn
11.30 go 1 pm
Caithfear clárú roimh ré le deirdre@tuismitheoiri.ie
Spásanna teoranta!
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceardlann le Brendan Begley
Ealaín an cheoil a scríobh
5 go 9 pm
Halla Le Chéile, Ballyguin, Brandon
Tá Brendan Begley ag reáchtáil ceardlann scríbhneoireachta ceoil agus rud éigin ann do chách, ó thosaitheoirí glana go scríbhneoirí amhrán a bhfuil taithí acu. Pléifidh Breandán na teoiricí agus na riachtanais a bhaineann le scríobh amhrán. Oibreoidh sé trí shampla praiticiúil, ag léiriú modh chun tús a chur le hamhrán ón tús lom, nó chun randamacht smaointe a thabhairt isteach do scríbhneoirí a bhfuil níos mó taithí acu. Ag deireadh an tseisiúin déanfaidh Breandán sampla idirghníomhach beo leis an ngrúpa.
Arna eagrú ag Comharchumann Forbartha An Leith Triúigh

Dé Domhnaigh an 16 Samhain

Samhlaíocht an oileáin
Le hEibhlín Campbell agus Tomás Ó Lúing
10.30 am
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin
Sraith 4 cheardlann chruthaitheacha bunaithe ar an mBlascaod
Oiriúnach do leanai 7+ agus a dteaghlaigh
Cláraigh ag marie@tuismitheoiri.ie nó 085 2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Siúlóid sléibhe
Siúlóid sléíbhe mheánach, an Seandroichead , Scor,  Ceann Toirc, an Seandroichead.
Fad 10 km, dreapadh 450 m, 3.5 uair an chloig ag siúl.
Tús na siúlóide ag carrchlós ag an Seandroichead, os comhair Ionad na nGasóg, Loch Deán. Tá trí charrchlós ann agus beimid ag tosú ón tríú carrchlós.
Tagairt eangaí O 156 024 nó N53.0604 W6.2770.
Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11 am
Treoraí Breandán
Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com lá roimh ré.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Aonach ceardaíochta Nollag
Ionad Cois Locha
Cois Locha, Dún na nGall
Oscailt don pobal ag 11 am
Tábla €15
Arna eagrú ag Ionad Cois Locha

Picnic na mBéar
Scéalta agus Rannta le Julie Ann de Brún
11 am
Scoil Náisiúnta Dhroichead an Chláir
Aoisghrúpa 3 go 6 bliana.
Arna eagrú ag Líonra na hInse

Siúlóid agus caife trí Ghaeilge
1 pm
Rian glas na nDéise
Siúlóid ar rian glas na nDéise, ansin tae agus caife in Frank and Honest.
Fáilte roimh chách, tóg cara leat! Gach eolas ó 083 1013880
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Phort Láirge

Déardaoin an 20 Samhain

Tráth na gCeist Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice as Gaeilge
7 go 9 pm
Carrolls, 39 Sráid Doiminic, Gaillimh, H91 RX83
€5 an duine
Fáilte roimh pháistí meánscoile lena dtuistí
Neart duaiseanna ar an oíche
Airgead á bhailiú ar son COPE

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.