Gníomh don Ghaeilge: plean nua don oideachas i scoileanna an stáit

Jenna Goulding

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna Béarla agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht an tseachtain seo caite. 

Cuirfear an plean gnímh i bhfeidhm le linn tréimhse ama dhá bhliain ó 2025 go 2027. Tacóidh sé le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna. Leagtar amach sa phlean gnímh faoi cheithre cholún; dearcadh dearfach a chothú i leith na Gaeilge, úsáid na Gaeilge a mhéadú, tacú le rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge agus tacaíochtaí don Ghaeilge a chomhtháthú.

An chéad cholún is ea dearcthaí dearfacha a chothú i leith na Gaeilge. Is é is aidhm don cholún seo, tacú le scéimeanna agus imeachtaí a spreagann úsáid thaitneamhach na Gaeilge, mar shampla Gaelbhratach, Seachtain na Gaeilge agus Gaeilge 24. Ina theannta sin, tá d’aidhm aige feasacht a mhúscailt i measc foghlaimeoirí agus úsáideoirí na Gaeilge maidir lena bhfoghlaim teanga féin. Díríonn sé seo ar na hacmhainní atá ar fáil, caighdeáin teagaisc agus curaclam a shoiléiriú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.