Scéal grá, cuntas polaitíochta agus léargas ar an chuimhne chultúrtha

Deich mbliana i ndiaidh don stát seo vóta stairiúil a chaitheamh ar son an chomhionannais pósta, filleann TG4 le clár faisnéise nua a chuireann an cheist chrua: Cé mhéad dul chun cinn atá déanta ag an stát ó shin i ndáiríre? Tá Glacaim Leat, léiriúchán de chuid Below the Radar, le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, ina scannán pearsanta, fileata agus polaitiúil ag an am chéanna, faoi ghrá, faoi chothromas agus faoi chuimhne.

Ag croílár an scannáin tá bainis chiúin Sheáin agus David i nGaeltacht Dhún na nGall, bainis nach mbeadh indéanta gan an reifreann 2015 a d’fhág na 26 chontae ar an chéad stát ar domhan a thug cead pósta do lánúineacha comhghnéis trí vóta poiblí. Leagtar béim sa scannán ar an dóigh ar chruthaigh an bua sin dóchas, ach cuirtear i gcuimhne dúinn fosta nárbh é sin deireadh na streachailte.

Le linn an scannáin buaileann an lucht féachana le pearsaí a raibh ról ríthábhachtach acu i stair na gluaiseachta LADTA+: an Seanadóir David Norris, Tonie Walsh, Lisa Nic an Bhreithimh agus Ruadhán Ó Críodáin, stiúrthóir ShoutOut. Déanann siad machnamh ar an dul chun cinn a rinneadh, ar na dúshláin atá romhainn agus ar na físeanna atá go fóill le comhlíonadh.

“Is litir ghrá é Glacaim Leat, ach is rabhadh é chomh maith,” a dúirt an stiúrthóir, Seán Ó Baoill. “Bhí mé ag iarraidh an áilleacht a léiriú, ach chomh maith leis sin a léiriú cé chomh leochaileach is atá sí. Tá Bród álainn, ach polaitiúil chomh maith, agus tá an dá fhírinne sin fite fuaite sa scannán seo.”

Léirítear Bród Bhaile Átha Cliath 2025 mar bhuaicphointe sa scannán, ní hamháin mar cheiliúradh, ach mar mheabhrúchán go bhfuil Bród go fóill ina ghníomh polaitiúil. I bhfianaise na n-ionsaithe homafóbacha atá ag méadú agus an easpa gnímh maidir le cearta trasinscneacha agus teaghlaigh aiteacha, cuireann Glacaim Leat ceist shuntasach: Cén cineál Éireann atá muid a thógáil don chéad ghlúin eile?

Arna leiriú ag Below The Radar.

Seán Mac Ruairí agus David McGoldrick ar lá a bpósta i nDún na nGall

Glacaim Leat, Dé Céadaoin an 19 Samhain ag 21:30 ar TG4.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.