Gardaí sa tóir ar bhuíon fhoréigneach frith-inimirceach

Eoin Ó Murchú

Tá an Garda Síochána tar éis tús a chur le fiosrúchán forleathan dian faoi chomhcheilg fhoréigneach chiníoch i gcoinne inimirceach. Tháinig beirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Phort Laoise Dé hAoine, cúisithe as mí-úsáid pléascán tar éis gur ghabh na Gardaí iad i Mainistir Laoise nuair a fuarthas airm agus armlón sa charr ina raibh siad ag taisteal.

Dúradh leis an gcúirt go bhfuil na cúiseanna seo mar thoradh ar imscrúdú maidir le hionsaí sceimhlitheoireachta a bhí á phlé ag grúpa antoisceach den eite dheis i bhfad amach.

Diúltaíodh bannaí do Garrett Pollock, as Áth na Long, Contae an Dúin, agus do Karolis Peckauskas, a raibh seoladh aige i nDroichead Átha ach arb as an Liotuáin ó dhúchas dó.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.