
Tá Corn Chóil Neaine Pháidín ag dul siar go Leitir Móir na Coille le Rónán Ó Conghaile agus bua mór aige ag Féile na Mí le deanaí i Ráth Chairn.
An dara háit sa gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós 2025 gnóite ag Méabh Ní Lochnain, agus an triú háit tugtha léi ag Áighne Ní Chadhain.
Buaiteoir Chorn Mhaggie Tim don amhránaíocht f18 ná Sara Ní Chonaill. Bhí Ana Ní Dhubhda, Laoise Nic Gabhann agus Áine Ní Ghríofa sa dara háit.