Is cinnte go bhfuilimid i lár shéasúr na ngradam, tréimhse den bhliain ina gcuirtear ár bpobail, ár gcuid oibre agus ár dteanga féin i lár an aonaigh. Le déanaí bronnadh Gradam Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha agus Gradaim Ghnó na hÉireann, an dá ocáid á n-óstáil go galánta ag Glór na nGael i Páirc an Chrócaigh. Chonaiceamar Gradaim Shárimreoirí Pheil na mBan agus Sárimreoirí Camogaíochta ag cur scoth na lúthchleasaithe chun cinn, agus sna meáin chraolta is fiú a lua go háirithe Gradaim Chraolacháin CRAOL don raidió pobail nuair a tugadh aitheantas iontach don Gaeilge. Seo go léir mar chuid den réimse leathan d’aitheantas atá á thabhairt i láthair na huaire do dhaoine agus d’eagraíochtaí a chuireann leis an saol cultúrtha, teanga agus pobail ar fud na tíre.
Do An Páipéar, áfach, ba mhóide bród agus áthas an seasamh sin i bPáirc an Chrócaigh nuair a fógraíodh go raibh muid tar éis dhá ghradam óir a thabhairt linn abhaile ag Gradaim Ghnó na hÉireann, bronnta ag Daithí Ó Sé agus Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael. Sa chatagóir Margaíochta agus Brandála agus arís i gcatagóir na Seirbhíse, tháinig An Páipéar amach ar bharr, aitheantas mór dóibh siúd go léir a oibríonn go dícheallach chun an nuachtán a chur ar fáil gach aon seachtain.
Is fiú cuimhneamh ar an misean atá mar bhunús dár gcuid oibre. Is é An Páipéar an t-aon nuachtán clóite Gaeilge a fhoilsítear go seachtainiúil, nuachtán a bunaíodh i mí na Samhna 2024 agus atá lonnaithe i nGaeltacht na Mí. Cuirimid nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil, spórt, cultúr, stair, béaloideas, crosfhocal, léamhthuiscint agus go leor eile gach seachtain do phobal bríomhar dílis léitheoirí. San eagrán seo de An Páipéar tá clúdach cuimsitheach againn ar gach gné de na gradaim iontacha seo.
Chomh maith leis sin, le deanaí tá Gradaim Ghnó Mhaigh Eo tar éis árdán láidir a thabhairt do ghnólachtaí Gaeilge i gContae Mhaigh Eo agus níos faide i gcéin, ag léiriú go bhfuil borradh láidir faoin bhfiontraíocht trí Ghaeilge.
Ach b’fhéidir gurb é an rud is deise faoi na gradaim seo ar fad ná gur aitheantas fíormhacánta é. Ní bhfaigheann tú duaiseanna mar seo trí íoc as; tagann siad as stuaim agus iarracht na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge ag croílár a gcuid oibre agus a bhféiniúlachta Nuair a thagann an moladh sin ó do chomhphobal féin, ó dhaoine a thuigeann an tábhacht a bhaineann le meáin agus seirbhísí Gaeilge, tá rud éigin fíorspeisialta bainte amach.
Is linn uilig an gradam. Is le pobal na Gaeilge é. Agus leanfaimid orainn, mar is dual dúinn, ag scríobh, ag cur síos agus ag seasamh leis an bhfírinne i lár an aonaigh, le bród agus paisean.