Doirse Oscailte don Óige: Éire ag ceiliúradh obair óige

Jenna Goulding

Anocht reáchtálfar Oíche na hÓige, imeacht nua speisialta lán fuinnimh, spraoi agus comhpháirteachais pobail. Arna spreagadh ag rath agus tóir Oíche Chultúir agus Teach Oscailte Bhaile Átha Cliath sheol an Roinn Oideachais agus Óige an t-imeacht seo chun ról ríthábhachtach na hoibre óige inár bpobail a cheiliúradh.

Tá clubanna óige, eagraíochtaí pobail agus seirbhísí óige ar fud na hÉireann chun a ndoirse a oscailt don phobal anocht. Tá taispeántais éagsúla ar siúl chun an luach a chuireann obair óige le saolta daoine óga agus leis an bpobal a léiriú. Is ceiliúradh é seo ar bhaill clubanna óige agus grúpaí óige, agus ar a n-oibrithe agus saorálaithe óige.

Is é  priomhaidhm an imeachta dul i ngleic le heaspa feasachta atá fós ag roinnt daoine maidir leis na seirbhísí óige ar fáil inár gceantair. Cuirtear béim ar an difear mór agus dearfach a dhéanann obair óige i saol daoine óga.

Chuir an roinn maoiniú ar fáil trí na boird oideachais agus oiliúna le gur féidir le seirbhísí óige chun imeachtaí Oíche na hÓige a óstáil. Cuireadh fáilte roimh chlubanna agus roimh sheirbhísí a maoinítear faoi Scéim Dheontais na gClub Óige Áitiúla agus faoi UBU D’Áit Do Spás páirt a ghlacadh san imeacht seo. Tacaítear le hOíche na hÓige faoi Dheiseanna don Óige: Straitéis Náisiúnta d’Obair Óige agus Seirbhísí Gaolmhara 2024 – 2028.

Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí atá ar siúl anocht ar fáil ar chainéil mheán sóisialta na roinne: @Education_Ire ar X agus Instagram. Tacaigh le #OíchenahÓige agus le #YouthNight. Chun liosta iomlán de na himeachtaí atá ar siúl ar fud na tíre a fheiceáil, féach ar an nasc seo: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/find-your-local-youth-night-event/.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.