COP30 faoi lánseol in Belém na Brasaíle

Cathal Ó Murchú

In Belém in oirthuaisceart na Brasaíle, in aice le béal na hAmasóine, an abhainn is mó ar domhan, tá ostáil á dhéanamh ar an tríochadú comhdháil athrú aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe, nó COP30 mar is fearr aithne uirthi. D’fhógair Uachtarán na Brasaíle Luiz Inácio Lula da Silva in Sharm el-Sheikh na hÉigipte go ndéanfadh an Bhrasaíl an chomhdháil a óstáil trí bliana ó shin agus tá an-chuid oibre curtha isteach ag rialtas na Brasaíle chun ullmhú don chomhdháil a thosaigh Dé Luain an 10 Samhain agus a chríochnóidh Dé hAoine an 21 Samhain. Mairfidh sé 12 lá nó beagnach coicís le ceannairí agus toscairí ó gach cuid den domhan.

Chun tuiscint a fháil ar cé chomh mór is atá an chomhdháil seo, beidh 56,118 toscaire ag freastal air, an dara ceann is mó riamh, tar éis COP28 dhá bhliain ó shin in Dubai le 80,000 toscaire ag freastal air. 

Is í an tír a bhfuil an toscaireacht is mó aici an Bhrasaíl, le 3,805 toscaire, chomh maith toscaireachtaí móra ón tSín (789 toscaire), an Nígéir (749 toscaire) agus tírotha eile. Dhiúltaigh na Stáit Aontaithe aon toscairí a sheoladh chun na comhdhála. Dúirt an tUachtarán Donald Trump gur “dallamullóg” atá san athrú aeráide.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.