A Eagarthóir, a chara,
“Is deas liom turas istigh i mbus.
Is suíochán fúm ag luascadh,
Lá breá geal, mé féin go slán
Is an bus thar barr ag gluaiseacht”
Tá athruithe móra i ndán do Bhus Átha Cliath le cúpla bliain. Tá uimhir 79 imithe le tamall. Thugadh sé sin mé ó Ché na gCeannaithe go Príosún Chill Mhaighneann agus na turais threoraithe, agus trasna uaidh, Comharchumann Bia Bhaile Átha Cliath agus bialann Loaf. Is é an 89 a théann ann anois agus é ag taisteal ó Stáisiún Láir Bhéal Feirste.
Scuabadh chun siúil an 83 le déanaí. Thugadh sé sin mé ó Shráid an Teampaill ina mbíodh cruinnithe Chlub na bPíobairí tráth. Théadh sé sin ó Bhaile Shéarlais go Cromghlinn agus Camaí. Mothóimíd uainn é sin mar taistealaíonn sé trasna na cathrach. Geobhaidh tú an 82 anois ó Chromghlinn go dtí an tábhairne An Capall Fuilteach i Sráid Camden, áit a bhfuil an Siopa Leabhar in uimhir 66 agus The Last Bookshop, áit go bhfuil flúirse sean-leabhar Gaelainne. B’fhéidir go mbuailfeadh seod leat.
Tá an Luas go maith i rith an lae nuair ná bíonn sé ró-phlódaithe, ach is é an bus mo rogha féin.
“Lá éigin fós, nuair a bheidh mé mór, is carn óir im’ mhála,
Ceannóidh mé bus
Is tabharfaidh mé turas
Do gach leanbh maith san áit seo”
Le meas,
Máire Úna Ní Bheaglaoich
Aonach Mhargadh na Feirme, BÁC 7