Bhailigh breis agus 120 duine i bPort Laoise Dé Sathairn seo caite don Tionól Teagaisc a d’eagraigh Oide, imeacht a thug le chéile múinteoirí, ceannairí scoile, eagraíochtaí oideachais agus gnólachtaí Gaeilge ó gach cearn den tír. Bhí atmaisféar dearfach foghlama le brath ar feadh an lae, agus deis ag rannpháirtithe teacht ar smaointe nua, ar acmhainní teanga agus ar dheiseanna comhoibrithe.
I measc na n-eagraíochtaí Gaeilge a bhí i láthair bhí An Páipéar, agus bhí lúcháir orainn freastal ar an imeacht den chéad uair. Ba mhór againn an deis bualadh le múinteoirí agus le léitheoirí ó scoileanna éagsúla, agus an t-aiseolas thar a bheith dearfach a fuair muid faoi An Páipéar. Dúirt roinnt múinteoirí gur acmhainn luachmhar é don seomra ranga, agus go gcabhraíonn an Gaeilge bheo a thabhairt isteach sa saol scoile ar bhealach nádúrtha tarraingteach.

Mar chuid dár rannpháirtíocht sa tionól, bhronnamar trí shíntiús An Páipéar mar dhuais ar an lá, agus tá áthas orainn na buaiteoirí a fhógairt:
1. Síntiús bliana, clóite agus digiteach
Katie Kirby
Meánscoil na Trócaire, Baile Uí Mhatháin, Co. an Longfoirt
2. Síntiús bliaina, clóite
Síle Marrinan
Coláiste Ráithín, Cluain Meala
3. Síntiús bliana, digiteach
Sarah-Louise Fallon
Meánscoil na Toirbhirte, Durlas
Gabhaimid ár mbuíochas le gach duine a raibh muid ag caint leo ag ár seastán, a roinn a gcuid smaointe linn agus a thacaíonn le hobair An Páipéar. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, agus táimid fíorbhuíoch as na naisc agus an spreagadh a d’eascair ón lá i bPort Laoise. Beimid ar ais arís go luath!