Reachtáladh Féile an Fhómhair i gCeatharlach thar 10 lá le déanaí agus b’iontach an rath a bhí ar na himeachtaí uile. Eagraithe ag Glór Cheatharlach i gcomhar le heagraíochtaí eile sa cheantar, cuireadh clár leathan agus imeachtaí taitneamhacha ar fail do mhuintir uile an phobail idir óg agus fhásta agus an bhéim ar labhairt na Gaeilge i rith an ama.
I measc bhuaicphointí na féile bhí Ceol na gCór, ceolchoirm a reachtáladh ar son mhuintir na Palaistíne. Tugadh cuireadh do chóir agus grúpaí amhránaíochta an cheantair píosa amháin as Gaeilge, amhrán nó iomann nó salm, a fhoglaim agus a chasadh ag ceolchoirm i Séipéal Naomh Clár ar an 2 Deireadh Fómhair. Ghlac 14 chór leis an gcuireadh, ina measc cóir ó pharóistí éagsúla, daltaí na Gaelscoile agus siúracha Naomh Clár, agus bhí éagsúlacht álainn de mhíreanna as Gaeilge ar chlár na ceolchoirme.

Deineadh bailiúchán i rith na hoíche ar mhaithe le muintir na Palaistíne agus bhí idir rannpháirtithe agus lucht éisteachta thar a bheith flaithiúil. Bhí áthas ar Ghlór Cheatharlach seic €9,000 a bhronnadh ar Ghlór na nGael Teoranta don fheachtas bailiúcháin atá idir lámha acu ar mhaithe le Cumann Chros Dhearg na hÉireann i gcomhar le Corrán Dearg na Palaistíne. Bhí Marcas Mac Ruairí i láthair thar ceann Ghlór na nGael chun glacadh leis an síntiús mór.
Ghabh Bríde de Róiste agus Emma Uí Bhroin thar ceann Ghlór Cheatharlach buíochas ó chroí leis na cóir agus leis an bpobal as an tacaíocht dochreidte a tugadh do Ceol na gCór ar son Gaza.