An aimsir láithreach: An dara réimniú

Domhnall Mac Concharraige

An tseachtain seo caite d’fhoghlaíomar faoin aimsir láithreach. Rinneamar an chéad réimniú. An tseachtain seo tugaimid aghaidh ar an dara réimniú. 

Is briathra a bhfuil dhá shiolla iontu atá sa dara réimniú. Léigh na rialacha thíos agus freagair na ceisteanna a ghabhann leo.

Rialacha

Tá roinnt rialacha a bhaineann leis an dara réimniú mar an gcéanna leis an gcéad réimniú.

Foirm cheisteach

an + consan = urú, mar shampla, an gceannaíonn? 

An + guta = tada, mar shampla, an osclaíonn?

Foirm dhiúltach 

Ní + consan = séimhiú, mar shampla, ní cheannaíonn

Ní + consan = tada, mar shampla, ní osclaíonn.

Foirm choibhneasta

Go + consan = urú, mar shampla, go gceannaíonn, go bhfoghlaimíonn 

Go + guta = n-, mar shampla, go n-insíonn

Arís tá caol le caol agus leathan le leathan thar a bheith tábhachtach. Sa dara réimniú caithfidh tú an fréamh a aimsiú agus an deireadh, -aigh-igh Féach ar na deiridh dhifriúla thíos.

Briathar leathanBriathar caol
CeannaighÉirigh
CeannaímÉirím
Ceannaíonn túÉiríonn tú
Ceannaíonn sé/síÉiríonn sé/sí
CeannaímidÉirímid
Ceannaíonn sibh/siadÉiríonn sibh/siad
An gceannaíonn tú?An éiríonn sí?
Ní cheannaímidNí éirímid

Ceisteanna

  1. (Éirigh) sé go luath ar maidin.
  2. An (cuimhnigh) sí ar a cuid airgid?
  3. Ní (feabhsaigh) siad ar chor ar bith.
  4. An (ullmhaigh) tú do dhinnéar féin?
  5. (Imíonn ) muid chuig an gcluiche.
  6. Ní (gortaigh) sé é féin sa chluiche.
  7. (Mothaigh) mé go maith nuair a chríochnaím mo chuid ceachtanna.
  8. Ní (cuidigh) an múinteoir liom.
  9. An (brostaigh) tú chun na cathrach tar éis na scoile?
  10. Ní (tosaigh) sé ag traenáil ach ar an Aoine.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.