Aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann ag 160 Gnólacht, an líon is Mó Riamh!

Cóilín Duffy, i bPairc an Chrócaigh

Ba lá stairiúil é i bPáirc an Chrócaigh ar an 17 Samhain, nuair a bronnadh aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann ar 160 gnólacht, an líon is mó ó bunaíodh an scéim in 2021. Léiríonn an méadú suntasach seo go bhfuil borradh i líon na gcomhlachtaí fud fad na tíre atá ag cur na Gaeilge chun cinn mar bhuntáiste cultúrtha, branda agus seirbhíse.

Bhailigh breis agus 270 ionadaí ón earnáil le chéile don ócáid a d’eagraigh Glór na nGael, agus bhí atmaisféar ceiliúrthai gceart le brath ó thús deireadh. Bhí Daithí Ó Sé ina aoí speisialta, agus dúirt sé ina óráid go raibh sé “soiléir ar fud na tíre go bhfuil GRADAIM Gnó na hÉireann ina chomhartha bróid ar fhuinneoga agus ar bhallaí gnólachtaí. Léiríonn sé go bhfuil an Ghaeilge lárnach ní hamháin i bhféiniúlacht ach i bhfeidhmiú an ghnó féin.”

An Páipéar i measc na mbuaiteoirí

I measc na 160 comhlacht a bhain aitheantas amach i mbliana bhí An Páipéar, ag fáil Bonn Óir i Margaíocht & Brandáil agus i Seirbhís. Mar an t-aon nuachtán clóite seachtainiúil Gaeilge sa tír, agus mar ghnólacht atá fréamhaithe i nGaeltacht na Mí, is mór ag ár bhfoireann an gradam seo a aithníonn ár dtiomantas don teanga agus don phobal. Léiríonn an t-aitheantas seo gur féidir meáin nuálacha, neamhspleácha a reáchtáil agus Gaeilge ina gcroílár, agus is ábhar mór misnigh é sin dúinn san obair atá romhainn.

Líon leathan gnólachtaí ó gach cearn

Tháinig comhlachtaí ó 21 chontae chun gradaim a fháil, agus bhí raon leathan earnálacha i láthair, ó mheáin go hoiliúint, ó chruthaitheacht go seirbhísí pobail, agus ó fhiontraíocht óg go ceardaíocht.

I measc na mbuaiteoirí aitheanta bhí:

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.