Tacaíocht don séasúr scoilte ach obair le déanamh ar fhad an tséasúirImreoirí idirchontae ag labhairt amach

Cóilín Duffy

Tá teachtaireacht shoiléir tagtha ón bpobal imreoirí idirchontae: tá an séasúr scoilte ag obair, ach ní féidir leis an séasúr leanúint rófhada. Léiríonn suirbhé bliantúil Chumann Imreoirí Gael gur chóir don séasúr idirchontae maireachtáil ar a mhéad seacht mí, dar le 92% de bhaill an chumainn. Áirítear sa chéatadán sin 63% a chreideann gurb é 7 mí an tréimhse is faide atá inbhuanaithe, agus creideann 29% eile gur chóir don séasúr a bheith níos giorra ná sin.

Foilsíodh torthaí an tsuirbhé inniu, a fuair freagra ó 3,676 imreoir (2,320 fear agus 1,356 bean). Léirigh na himreoirí tacaíocht leanúnach don séasúr scoilte, le 89% ar son a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, d’aontaigh 87% gur gá tréimhse shocraithe d’easpa gníomhaíochta tar éis dheireadh an tséasúir, an rud a dtugtar Samhain gan teagmháil air. Thug 83% le fios gur bhain siad níos lú ná coicís saoire amach idir na tréimhsí club agus contae.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann Imreoirí Gael, Tom Parsons, go gcaithfear éisteacht leis an teachtaireacht sin. Dúirt sé, “Tá ár n-imreoirí ag rá linn gur seacht mí ar a mhéad is féidir leo a chaitheamh leis an séasúr idirchontae. Caithfimid éisteacht leo, nó beidh draenáil imreoirí agus bagairt ar stádas amaitéarach na gcluichí romhainn. Ní bhaineann sé seo le hairgead, baineann sé le folláine, cothromaíocht, agus todhchaí inbhuanaithe don chluiche Gaelach.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.