Dúirt teachta dála Shinn Féin do Phort Láirge, Conor D McGuinness, go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil ag tréigean daoine faoi mhíchumas, agus gur céim chruálach siar atá i mBuiséad 2026.
Dúirt an Teachta McGuinness go léiríonn diúltú an rialtais íocaíocht bhuan ar chostas an mhíchumais a thabhairt isteach easpa iomlán measa ar dhaoine atá ag streachailt cheana féin chun dul i ngleic leis an saol laethúil.
Ag labhairt dó sa Dáil le linn rún Shinn Féin ar chostas an mhíchumais, dúirt an Teachta McGuinness, “Tá daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh ar na grúpaí is mó atá i mbaol bochtaineachta sa tír seo, agus tréigeadh iad i mBuiséad 2026, buiséad ar a bhfuil lorg Fhine Gael.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!