Is féile nua é Splanc a bheidh ag tarlú i gcroílár Bhaile Átha Cliath 7 ón 24 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2025, arna eagrú ag grúpa nua pobail deonach, Craobh Bhaile Átha Cliath 7, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair
Oíche Dé hAoine beidh shaibhreas an cheoil thraidisiúnta atá sa cheantar á céiliúradh, le céilí saor in aisce agus ceol beo ó scoth na gceoltóirí áitiúlai McGowan’s i mBaile Phib ó 8 go 9 pm. Cuirfidh an céilí seo deis rannphártaíochta ar fáil do dhaoine a bheidh ag freastal ar an imeacht agus beidh daoine in ann na damhsaí traidisiúnta céilí a fhoghlaim.
Dé Satharn an 25 Deireadh Fómhair
Maidin Dé Sathairn ag 11 a chlog beidh ceardlann ealaíne ann do pháistí áitiúla saor in aisce againn i nGaeilscoil Bharra. Beidh an cheardlann á stiúradh ag an ealaíontóir áitiúil Fiona Harrington.
Is amharcealaíontóir í Fiona a bhfuil taithí na mblianta aici i mbun a ceirde agus ag lásadóireacht. Taispeánfaidh Fiona a scileanna agus stair na lásadóireachta in Éirinn do na páistí agus tógfaidh sí iad trí na céimeanna a bhaineann le cruthú ealaín eagus spreagfar na páistí agus iad ag dul i mbun cruthaítheachta. Freastalóidh an t-imeacht seo ar aidhmeanna na healaíne dúchasaía chur chun chinn sa cheantar agus tabharfar deis do pháistí an cheantair tús a chur lena n-aistear mar chruthaitheoirí óga.
Oíche Dé Sathairn déanfar gabháil ar láthair stairiúil chumann sacair na mBoihéamach, Cnocán Uí Dhálaigh, agus cuirfear réabh Gaelach ar siúl ann. Beidh cuid de na dioscmharcaigh óga is fearr sa tír againn a bhuí leis an gcomharghrúpa áitiúil ceoil, Craobh 1916. Cuirfidh na dioscmharcaigh iontacha seo na sluaite ag damhsa lena gceol nua-aimseartha, ag léiriú a scileanna ealaíne leis an meascán is úire de cheol leictreach. Chomh maith leis seo beidh cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa chathair linn le seisíun den scoth a chur ar siúl. Táthar ar siúl go bhfreastalóidh os cionn 300 duine ar an imeacht seo i gceann de na háiteanna is cáiliúla den cheantar ar fad. Cuirfimid €15 mar phraghas ar an imeacht seo agus beimid in ann an t-airgead seo a úsáid chun inmharthanacht na féile a chinntiú agus í a bhuanú sna blianta amach romhainn.
Dé Domhnaigh an 26 Deireadh Fómhair
Tráthnóna Dé Domhnaigh ag 4 a chlog beidh ceardlann damhsa seit ar siúl faoi stiúir an rinceora agus múinteora damhsa iontach ón cheantar, Bláthnaid Ní Smaoinigh, in The Hut i mBaile Phib. Foghlaimeoidh daoine na seiteanna éagsúla atá ag teacht ar ais i bhfaisean in éineacht le stair an rince in Éirinn. Ceardlann idirghníomhach a bheidh i gceist agus cuirfidh daoine an tsuimint ag luascadh agus iad ag foghlaim agus ag baint sult as ceann d’ealaíona dúchasacha na hÉireann.
Oíche Dé Domhnaigh ag 6 a chlog beidh an féile ag díríu ar na healaíona béil le hÉigse Bhaile Átha Cliath 7. Seantraidisiúin ársa is ea an éigse agus beidh an sean agus an nua ag fí le chéile leis an imeacht spleodrach seo thuas staighre in The Hut i mBaile Phib. Cuirfear tús leis an oíche le ceoltóirí óga ón scéim Glór ár Linne ag roinnt a gceoil agus amhrán nuachumtha linn. Ina dhiaidh sin, tabharfar an t-ardán do na filí óga iontacha atá ag saothrú na ceirde i mBaile Átha Cliath 7 agus roinnfidh siad a ndánta nuachumtha agus inseoidh siad don slua beagán faoi phróiséas na cumadóireachta agus cén chaoi ar thosaigh siad amach sa cheird. Beidh filí áitiúla ar nós Chúán de Búrca, Roxanna Nic Liam, Eoin P Uí Mhurchú, Cormac Mac Gearailt, agus eile linn.
Ina dhiaidh sin, cloisfimid ón seanchaí agus gearrscéalaí iontach, Stiofán Ó Briain, ón gcomharghrúpa aiteach lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Aerach Aiteach Gaelach. Inseoidh sé don slua faoin bpróiséas scríbhneoireachta atá aige agus roinnfidh sé cuid dá ghearrscéalta linn.
Chun clábhsúr a chur ar an bhféile, beidh seisiún de chuid Amhránaithe an Chlub. Is comharghrúpa amhránaíochta é a bunaíodh in 2021 chun daoine a spreagadh chun amhráin a chasadh i suíomh sóisialta. Tá sé ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é. Don fhéile speisialta seo beidh aoí ar an oíche, Iarla Ó Muirthile, ceoltóir agus amhránaí ó Bhaile Átha Cliath atá tumtha go mór san amhránaíocht, agus múinfidh sé amhrán don slua. Ansin beidh deis ag gach duine i látháir a n-amhrán a roinnt leis an slua.
Tuilleadh eolais faoi Chraobh BÁC 7 ag cbhac7.com nó https://linktr.ee/craobhbhac
Ticéid ó https://www.tickettailor.com/events/craobhchonradhnagaeilgebailethacliath7