
Chuir an rialtas vóta muiníne faoi bhráid na Dála Dé Céadaoin maidir le ceannaire Fhine Gael agus an Tánaiste Simon Harris chun teacht roimh an vóta mímhuiníne de chuid Aontú an tseachtain seo chugainn. Bhuaigh an rialtas an vóta seo le 94 ar son agus 65 in aghaidh. Baineann an vóta seo le ról Simon Harris mar Aire Sláinte tráth idir 2017 agus 2020 nuair a gheall sé nach bhfágfar aon pháiste no déagóir ag feitheamh chun dul faoi scian le hobráidí dromlaigh agus iad ag fulaingt le scolóis. Rinne sé an gheallúint seo in 2017 go luath i ndiaidh a cheaptha mar Aire Sláinte.
Maíonn roinnt teaghlach a bhfuil a bpáistí ag fulaingt le scolóis nár chomhlíon sé an gheallúint seo in ainneoin trí bliana a chaitheamh mar Aire Sláinte. Dar leis an tuarascáil ón Ombudsman do Leanaí, bhí 236 othar faoi aois 18 ag feitheamh ar an obráid seo faoi Nollaig 2016. I mí Feabhra, gheall sé ar RTÉ Raidió 1 nach mbeidh aon pháiste ag feitheamh níos mó ná ceithre mhí. Faoi Aibreán 2017, bhí líon na n-othar seo ardaithe go 312. Faoi dheireadh 2017 bhí 29 ag feitheamh níos mó ná ceithre mhí agus faoi Mheitheamh 2018, chuaigh an líon seo suas go 34, cé go raibh líon uile na bpáistí ag feitheamh laghdaithe go 138 faoi Lúnasa 2018. Nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar Aire Sláinte i Meitheamh 2020, bhí 177 páiste ag feitheamh ar an obráid seo, 83 acu ag feitheamh breis agus sé mhí, cé go dúirt Harris go raibh 35 ag feitheamh thar shé mhí ag an bpointe seo.
Fadhb shláinte is ea an scolóis lena dtagann cuar ar an dromlach agus mura bhfaightear cóir leighis chuí air seo, féadfaidh pian uafásach teacht orthu siúd atá thíos leis an bhfadhb seo agus ag amanna féadfar míchumas coirp eascairt uaidh dóibh siúd atá ag fulaingt. Mar sin ní féidir aon mhoill a bheith ar an gcóir leighis mar téann cúrsaí in olcas tar éis cúpla mí, go háirithe do pháistí agus déagóirí agus iad ag fás go tapa. Is cóir leighis éigeandála é seo i ndáiríre. Má chuarann an dromlach droma thar 100 céim glactar leis go bhfuil baol beatha i gceist.
Go bunúsach níor bhain Harris amach an sprioc a leag sé amach mar Aire Sláinte in 2017 i dtaobh obráidí dromlaigh leanaí faoin am ar fhág sé an ról seo agus páistí agus déagóirí fós ag feitheamh breis agus ceithre mhí!