Saol agus saothar Mhancháin Magan

Jenna Goulding

Manchán Magan 1970-2025

Fuair an scríbhneoir, scéalaí agus taiscéalaí cultúir spreagúil Manchán Magan bás an tseachtain seo caite, ar an 3 Deireadh Fómhair gan ach ach 55 bliain d’aois curtha de aige. B’fhear lán le spleodar agus croí é.

Ba as Domhnach Broc i mBaile Átha Cliath é agus rugadh é in 1970. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus rinne sé staidéar ar Stair agus an Ghaeilge. 

Bhí nasc láidir teaghlaigh aige leis an streachailt ar son neamhspleáchas na hÉireann sa chéad chuid den 20ú haois agus ba gharmhac é leis an ngníonmhaí poblachtach agus ball de Chumann na mBan, Sighle Humphreys. Ina theannta sin, ba mhac garnia é leis an Rathaille, a throid in Éirí Amach 1916 agus a maraíodh le meaisínghunna de chuid na Breataine nuair a bhí na reibiliúnaigh ag teitheadh ó Ard-Oifig an Phoist.

Bhog sé go dtí chun na Gearmáine nuair a fuair a athair bás in 1988. D’oibrigh sé ann ar feadh tamall gearr. Chuaigh sé ar thuras taiscéalaíochta chun an Chongó agus tháinig sé ar a ghrá don taisteal.

Thosaigh a ghairm bheatha san iriseoireacht taistil san India in 1996. Rinne sé Manchán san India le haghaidh TG4 lena dheartháir agus déantóir scannán Ruán. Thaistil siad go forleathan i Meiriceá Theas, sa Mheánoirthear agus sa tSín. Rinne Manchán breis agus 70 clár fhaisnéise taistil bunaithe ar chultúir an domhain agus ar an domhandú. Rinneadh formhór a shaothair lena dheartháir Ruán, do TG4 agus RTÉ.

Rinne Manchán go leor sraitheanna teilifíse, lena n-áirítear No Béarla, sraith faisnéise faoi thaisteal timpeall na hÉireann agus Gaeilge amháin á labhairt aige. Chomh maith leis an tsraith deich gclár a bhuaigh gradam, Crainn na hÉireann, agus an clár sraithe is déanaí uaidh an samhradh seo, Listen to the Land, bhí sé ina údar táirgiúil freisin. 

Ba minic Manchán ina cholúnaí nuachtáin, agus chuir sé cláir raidió i láthair ar RTÉ Raidió 1. Bhí sé ina scríbhneoir cáiliúil freisin. I measc a chuid leabhar is cáiliúla tá Thirty Two Words for Field: Lost Words of the Irish Landscape, agus an leabhar is déanaí uaidh, Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun), a foilsíodh i mí Mheán Fómhair.

Bhí Manchán ina chara leis an ngrúpa rapcheol Kneecap agus tá a ghlór le cloisteáil mar dhraoi mire ag rapáil ar an amhrán Drug Dealing Pagans ar an albam Fine Art in 2024. Rinne sé a leagan féin de chéad singil Kneecap, C.E.A.R.T.A.. Dúirt Manchán le déanaí go raibh pleananna aige comhoibriú le Kneecap an fómhar seo ar leagan nuashonraithe dá chlár No Béarla.

Ba charachtar fuinniúil é Manchán a raibh go leor spéiseanna aige, scríobh sé drama dátheangach Arán & Im ina raibh sé ar stáitse chomh maith. Sa dráma bácálann Manchán arán taois ghéir ar feadh 70 nóiméad fad is a thugann sé léargas ar iontaisí na Gaeilge. Léiríodh an dráma ar dtús i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach. Chuaigh sé ar camchuairt ar chósta thoir agus cósta thiar Mheiriceá Thuaidh in 2022 agus 2023, agus chuaigh sé ar camchuairt i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag in 2024.

Bhí sé san iomaíocht san olltoghchán don Pháirtí Glas in 2016. Fuair sé 1,104 vóta céad rogha sa dáilcheantar an Longfort/an Iarmhí. 

Chónaigh sé ar feadh ceathrú céid i gcoill darach, le beacha cearca, agus muca ó am go chéile, i dteach le díon féir in aice le Loch Léinn, Co. na hIarmhí. Bhí sé ina bhall de bhord Hometree, carthanas athghiniúna coillte dúchasacha agus talún, agus b’ambasadóir é d’Iontaobhas na hAibhneacha.

Óna bhás, thug go leor daoine ardmholadh dó agus tá a ngrá dá chéile roinnte acu. Dúirt an Uachtarán, Micheál D. Ó hUigínn ómós do Magan chomh maith. Dúirt sé gur “spreag Manchán go leor duine, i ngach glúin, chun dul i ngleic níos doimhne lenár dteanga dhúchais, a saibhreas cultúrtha, agus tríd an teanga sin chun dul i ngleic lenár dtírdhreach agus lenár dtimpeallacht nádúrtha, meas a bheith acu orthu agus foghlaim uathu”.

Diagnóisíodh go raibh ailse phróstataigh air in 2023. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróinne, a dheartháireacha Ríoch agus Ruán, agus a dheirfiúr Líadain. Scaipfear a luaithrigh ar Chnoc Uisneach san Iarmhí ar an 1 Samhain. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.