Inniu, táim ag impí go humhal oraibh bhur muinín a chur ionam le go mbeinn mar an deichiú hUachtarán ar Éirinn. Is mian liom mo shaolré agus taithí atá bainte amach agam a thabhairt liom isteach i seirbhís na huachtaránachta.
D’oibrigh mé ar feadh blianta fada mar bhainisteoir i gcumman creidmheasa, áit a raibh deis agam aithne cheart a chur ar dhaoine agus na dúshláin a bhí rompu. Ba thaithí luachmhar í a d’ullmhaigh mé don saol poiblí.
Bhí sé mar onóir dom freastal ar an gComhairle Aireachta ar feadh breis agus deich mbliana. Bhí mé i gceannas ar chomóradh céad bliain 1916.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!