Mar dhuine a labhraíonn Gaeilge chuile lá de mo shaol agus a thuigeann tábhacht na teanga ní hamháin do lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta ach don tír ó thaobh cultúir, spioraid agus anama de is breá liom an seans cúpla focal a scríobh faoin bhfeachtas uachtaránachta seo.
Tuigeadh tábhacht na polaitíochta agus an gá le polaiteoirí maithe a chuirfeadh aidhmeanna pobail agus sochaí chun cinn dom ó bhí mé an-óg. Cé nár thuig mé gur polaitíocht a bhí i gceist ag an am bhí mé sáite i gcúrsaí chothrom na Féinne ón tús. Thug mé faoi deara nuair a bhí leatrom ag tarlú do ghrúpaí éagsúla agus sin, is dócha, an múnla as a dtagaim.
Tógadh i gclann de cheithre pháiste dhéag mé agus gan dabht chuidigh sin liom tuiscint a fháil ar thuairimí daoine eile agus an tábhacht a bhain le héisteacht agus machnamh a dhéanamh sula ndéanfaí cinneadh.
Bhí neart jabanna éagsúla agam agus chuile cheann acu tábhachtach chun taithí agus scileanna a thabhairt dom a chuidíonn anois liom sa saol polaitiúil.
Chaith mé seal mar ghlantóir, cúntóir altranais, síceolaí cliniciúil, múinteoir agus abhcóide, agus ansin chuaigh mé le saol na polaitíochta.
Toghadh mar Mhéara Chathair na Gaillimhe mé agus ansin toghadh mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar mé.
Bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach de mo shaol i gcónaí, ní hamháin sa saol polaitiúil ach freisin i mo shaol pearsanta. Rinne agus déanaim iarracht an Ghaeilge a úsáid i ngach gné den saol agus caithfidh mé a rá gurb í an teanga is mó a bhaineann le mo chroí agus an nasc a chuireann sí ar fáil chuig na glúine a chuaigh romham agus chuig ealaíontóirí agus scríbhneoirí an lae inniu.
Is tír iontach í an tír seo, lán de chultúr agus ceol agus is daoine iontacha iad muintir na hÉireann, thuaidh agus theas. Ach tá brú, le fada, ar shaol mhuintir na tíre seo agus imní ar go leor faoi thithíocht, faoin timpeallacht, agus faoin gcinedhíothú agus cogaí atá ag tarlú ar fud an domhain.
Tá fíorghá le seasamh láidir a dhéanamh agus guth a thabhairt dóibh siúd atá fágtha ar lár nó ar an imeall.
Tá m’fheachtas uachtaránachta bunaithe ar an riachtanas seo guth a thabhairt do chách, guth a thabhairt do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta, guth a thabhairt dóibh siúd a bhfuil imní orthu faoi na huafáis atá ag tarlú ar fud an domhain. Guth a thabhairt dóibh siúd nach féidir labhairt amach dóibh féin. Is lena chéile a bhíonn cumhacht againn, lena chéile a chuirfear athruithe i bhfeidhm.
Tá cáil ar mhuintir na hÉireann le blianta fada anuas seasamh dóibh siúd atá faoi bhagairt agus atá i mbaol agus rinneadar amhlaidh nuair a tharla cinedhíothú in Gaza agus seasaimse leo.
Tá fíorbhród orm go bhfuil an oiread sin daoine ó cheann ceann na tíre seo taobh thiar den fheachtas uachtaránachta seo, daoine atá sásta oibriú go deonach chun a chinntiú go bhfuil rogha eile ann seachas na páirtithe atá i réim agus i gceannas an stáit le rófhada i bhfad ar fáil. Is as cumhacht agus mianta na ndaoine seo a d’eascair an feachtas seo agus tuigim an onóir agus an dualgas a bhaineann leis.
Is uachtaránacht fréamhaithe sa phobal an fhís atá againn, uachtaránacht a chuirfidh guth misniúil ar fáil don tsíocháin agus don cheartas. Uachtaránacht a spreagfaidh misneach i muintir na tíre seo faoi mar a spreag muintir na tíre seo misneach ionamsa agus mé ag taisteal ó thuaidh agus ó dheas, thiar agus thoir, ag casadh le daoine, ag éisteacht lena scéalta, ag foghlaim óna dtaithí.