Polaiteoirí Meiriceánacha ag iarraidh ar Éirinn gan glacadh le Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil

Domhnall Mac Concharraige

Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil grúpa dépháirteach i gComhdháil na Stát Aontaithe ag cur brú ar Rialtas na hÉireann gan Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil a ghlacadh. Scríobh an grúpa, ina bhfuil 23 feisire comhdhála ón bPáirtí Daonlathach agus ón Páirtí Poblachtánach, chuig Micheál Martin. Sa litir léirigh siad a mbuairt faoin tslí a ndéanann Éire cur síos ar an gcoimhlint mar chinedhíothú. Dár leo is tuairim chlaonta é seo agus rinne siad cur síos air mar fhadhb a chuirfeadh le frith-Sheimíteachas.

Le fada an lá tá caint faoi Bhille na gCríocha faoi Fhorghabháil, ach tá cuma ar an scéal go bhfuil dul chun cinn déanta air le déanaí agus tá teachtaí de chuid an rialtais dóchasach go mbeidh nglacfar leis. Má ghlactar leis an mbille beidh sé mídhleathach aon earraí a iompórtáil ó na críocha faoi fhorghabháil. Dúirt Micheál Martin gur dócha go rachaidh an bille ar aghaidh chun na Dála “go luath san fhómhar”. Dúirt sé chomh maith go bhfuil a fhios aige nach mbeidh Meiriceá sásta leis an mbille seo. Tuairiscíodh an mhí seo caite gur mhol coiste den Oireachtas seirbhísí a chur san áireamh sa bhille chomh maith le hearraí.

Is iad na críocha ata i gceist ná Iarúsailéim, Gaza, an Bruach Thiar, agus Arda Golan. Leanann an litir ar aghaidh, ag déanamh cur síos ar an iarracht smachtbhannaí eacnamaíocha a chur ar Iosrael mar leathcheal eacnamaíocha. Dúirt siad go gcruthódh an bille éiginnteacht do chomhlachtaí Meiricéanacha atá lonnaithe in Éirinn.

Chríochnaigh siad le bagairt, “Caithfidh na Stáit Aontaithe teachtaireacht shoiléir a thabhairt. Beidh impleachtaí ann má dhéantar iarracht imeallú eacnamaíoch a dhéanamh ar Iosrael. Tá dlí Meiriceánach ann chun tacú linn agus píonóis a thabhairt d’aon tír ata ag iarraidh an leathcheal seo a chur i bhfeidhm. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.