Beidh Opry le Daniel ar Thuras, an tsraith ceoil tíre ceolchoirmeacha is mó a tharraingíonn lucht féachana do chainéal teilifíse TG4, ar ais arís Dé Máirt an 28 Deireadh Fómhair ag 9.30 pm.
Thar ocht seachtaine cuirfear sé chlár lán le ceol, mar aon le dhá chlár eile ina mbeidh togha agus rogha an cheoil, ar fáil i rith na sraithe seo a bhfuil an-tóir uirthi agus a léiríonn Big Mountain Productions do TG4.
Taifeadadh an tsraith thar thrí oíche níos túisce i mbliana os comhair lucht féachana beo i bhFóram na Mílaoise i nDoire. Is é an fear ceoil tíre mór le rá, Daniel O’Donnell a chuirfidh an tsraith i láthair agus beidh neart aíonna speisialta ina theannta gach uile sheachtain.

Classic Country an téama a bheidh ag an gcéad chlár den tsraith nua seo agus is iad Lisa McHugh (Glaschú), John McNicholl (Doire), agus Gerry Guthrie (Co. Mhaigh Eo) a bheidh i dteannta Daniel.
Country ‘n Irish (a chraolfar ar an 4 Samhain) an chéad téama eile a bheidh i gceist agus is iad Dominic Kirwan ón Ómaigh i gCo. Thír Eoghain, TR Dallas (Co. na hIarmhí), agus Claudia Buckley (Co. na Gaillimhe) a bheith in éineacht le Daniel.
Ar an gclár Country Folk (an 11 Samhain) beidh Tully as Lios na Scéithe i gCo. Fhear Manach, Ceol (Baile Átha Cliath), agus The Henry Girls (Málainn, Co. Dhún na nGall) i dteannta Daniel.
New Country an téama a bheidh ag an gceathrú clár (an 18 Samhain) agus i dteannta Daniel ar an stáitse beidh Jack Keogh (Co. Chill Mhantáin), Patricia Maguire (an Baile Nua, Co. Thír Eoghain), agus Jamie Donnelly as an Srath Bán, Co. Thír Eoghain.
Amhráin bhreátha John Denver (an 25 Samhain) a bheidh á gcasadh ar chúigiú clár na sraithe agus is iad Marc Roberts (Co. Mhaigh Eo), Gina (Co. Chorcaí), agus John Hogan (Co. na hIarmhí) a bheidh i mbun an cheoil dúinn.
Celtic Country an téama a bheidh ag an séú clár sa tsraith nua seo (an 2 Nollaig) agus is iad Dan McCabe (Co. Chill Dara), agus The High Kings (Baile Átha Cliath) a bheidh ar an stáitse i nDoire.
Cuirfear clabhsúr ar an tsraith le dhá chlár speisialta (an 9 agus an 16 Nollaig) ar a mbeidh rogha agus scoth an cheoil ó na chéad sé chlár den tsraith.
Dúirt Daniel O’Donnell, “Bhí sé thar barr a bheith ar ais ar an stáitse arís don tsraith nua seo de Opry le Daniel. Is pléisiúr a bhíonn ann i gcónaí a bheith ag ceol don lucht féachana iontach a bhíonn againn i bhFóram na Mílaoise i nDoire. Ní bheidh sibh ag iarraidh na ceoltóirí breátha a bhí againn don tsraith seo a chailleadh nuair a thosóidh sí an 28 Deireadh Fómhair ar TG4.”
Is é seo an 15ú séasúr ag Daniel O’Donnell, an ceoltóir ceoil tíre is mó a bhfuil tóir air in Éirinn, ag cur na sraithe seo i láthair anois. Bhí plúr na gceoltóirí ó gach cearn den domhan – Charley Pride, Crystal Gayle agus Rita Coolidge ina measc – mar aon le go leor de cheoltóirí mór le rá na hÉireann, le feiceáil ar an stáitse i gcaitheamh na mblianta.
Beidh gach clár den tsraith nua ar fáil le féachaint orthu i ndiaidh a gcraolta ar Sheinnteoir TG4.