Cóilín Duffy, i mBeal Feirste

Bhí atmaisféar dochreidte i lár Bhéal Feirste Dé Céadaoin, agus sluaite móra bailithe san Ionad Comhdhála agus Taispeántais le haghaidh oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna 2025, an chéad uair ó 1997 atá an fhéile cháiliúil seo á reáchtáil sa chathair. Bhí an spiorad Gaelach le brath ar gach taobh den ionad, ó Chór na nÓg Chaisleán Ruairí go dtí na seanmháistrí amhránaíochta a thug blas an traidisiúin don seó.
Ba í Uachtarán tofa na hÉireann, Catherine Connolly, a chuaigh i bhfeidhm ar na daoine nuair a tháinig sí i láthair, ag fáil bualadh bos fada ó lucht an Oireachtais. Níos déanaí tráthnóna, d’éirigh an slua ar a gcosa arís di le linn bhronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i Halla na Cathrach, comhartha ar an meas atá ag pobal na Gaeilge uirthi agus ar an dúil atá aici an teanga náisiúnta a chur i gcroílár shaol na tíre.
D’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an fhéile, ag moladh phobal na Gaeilge i mBéal Feirste mar “phobal bríomhar, spreagúil atá ag cur leis an athbheochan teanga ar gach leibhéal.”
“Tugann Oireachtas na Samhna deis dúinn theacht le chéile chun ár dteanga, ár gceol agus ár gcultúr a cheiliúradh. Is fíorcheiliúradh pobail é seo, áit a mbíonn sean agus óg, Gael agus cairde eile, ag roinnt stáitse agus cairdis,” a dúirt sé agus é ag tabhairt aitheasc oscailte.
Bhí Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, ar an stáitse freisin, ag tabhairt le fios gur “ócáid stairiúil” a bhí ann:
“Tá sé fíorshuimiúil agus bródúil a bheith ar ais ó thuaidh den chéad uair le beagnach tríocha bliain. Tá Béal Feirste tar éis athrú mór a dhéanamh ó 1997, ach tá rud amháin seasmhach, an grá don Ghaeilge agus don traidisiún.”
Thug sé cuimhne ar Oireachtas 1997, nuair a reáchtáladh Ceolchoirm na Cascáide den uair dheireanach sa chathair. Ba é Albert Fry, a bhí mar Uachtarán an Oireachtais ag an am sin, a chuir fáilte roimh na mílte rannpháirtithe. I mbliana, tá ómós á thabhairt dó agus don ghlúin sin de Ghaeil ó thuaidh a leag an bhunchloch do phobal bríomhar an lae inniu.
Bhí Gearóidín Breathnach, banríon an tsean-nóis, ar dhuine de na réaltaí a sheinn ag an searmanas oscailte,a glór binn ag líonadh halla an Ionaid Comhdhála agus Taispeántais le cuimhní, ceangal agus draíocht na dtraidisiún béil.
Ag an am céanna, tugadh isteach comórtas nua amhránaíochta le giotár, rud a léiríonn an chothromaíocht idir sean agus nua atá i gcroílár fhéile an Oireachtais.
Ar an taobh teaghlaigh den scéal, bhí Seathrún Ó Casaide ar ais ar stáitse i mbliana, in éineacht lena cheathrar clainne, Éanna, Ruairí, Síobhra agus Sadhbh, le ceol a chur os comhair na sluaite mar a rinne sé i bhfad ó shin le Burnchurch.
Bhí na mílte páistí ó scoileanna Gaeilge i láthair freisin, agus sheinn Cór na nÓg Caisleáin Ruairí, daltaí ó R1 go R7, le fuinneamh agus muinín. D’fhág siad sluaite na ndaoine faoi gheasa lena léiriú, a léirigh todhchaí gheal don teanga sa tuaisceart.
D’fháiltigh an Leas-Ardmhéara Bhéal Feirste Paul Doherty roimh lucht na féile, ag rá gur “léiriú fíor ar chomhtháthú, éagsúlacht agus bród cultúrtha” a bhí san Oireachtas.
Tá breis agus míle rannpháirtí páirteach sna comórtais i mbliana, agus 80 eagraíocht san áireamh in Aonach an Oireachtais, ina measc An Páipéar (tabhair cuairt orainn!), a líonann urlár an Ionaid Comhdhála agus Taispeántaisle le gnólachtaí, foilsitheoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus cumainn phobail ó gach cearn den oileán.
Le cúig lá lán le comórtais, ceolchoirmeacha, seisiúin, cainteanna agus craic, is léir gurb é Béal Feirste anois príomhchathair chultúrtha na Gaeilge ar feadh seachtain iomlán. Mar a dúirt duine d’aíonna óga i measc an tslua, “Is iontach an rud é a bheith anseo. Tá sé cosúil le teacht abhaile, ach le ceol, le gáire, agus le Gaeilge ar gach taobh.”
Leanfaidh Oireachtas na Samhna 2025 ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, an 2 Samhain, le clúdach iomlán ar fáil in An Páipéar an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn, mar aon le nuacht, grianghraif agus físeáin trí na meáin shóisialta.