Fograíodh le déanaí go mbainfear níos mó úsáid as orduithe ceannaigh éigeantacha ag na húdaráis áitiúla mar gheall ar an athbhreithniú ar an bplean tithíochta. Meastar i gcásanna nach bhfuil úinéirí tithe folmha sásta a bheith comhoibríoch leis na húdaráis go mbainfidh siad úsáid as an gcumhacht chun seilbh a ghlacadh ar an teach. Beidh fáil ag na húdaráis áitiúla ar dheontais forbartha chun na horduithe a chur i bhfeidhm.
Tuairiscíodh chomh maith go mbeidh leasú ar an reachtaíocht a bhaineann le suíomhanna folmha agus go mbeidh ar na Coimisinéirí Ioncaim an reachtaíocht a chur i bhfeidhm amach anseo.
Méadóidh na hudaráis líon na suíomhanna folmha ar a mbunachair féin agus beidh orthu na fíneálacha a sheoladh chuig na húinéirí. Tá an rialtas dóchasach go mbeidh breis agus 20,000 teach curtha ar fáil arís mar thoradh ar na horduithe seo. Is léir go bhfuil an rialtas faoi bhrú chun tithe nua a chur ar fáil i rith na géarchéime tithíochta agus tá brú á chur orthu le roinnt bliana anuas maidir lena bhfoirgnimh thréigthe ar fud na hÉireann. Tá breis agus 170,000 suíomh folamh ar fud na tíre agus tá líon na ndaoine gan dídean tar éis dul thar 16,000.