Bhí slua mór de dhaoine baillithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath chun fáilte a chur roimh an dara dream de bhaill den chabhlachán daonnúil díbrithe ag Iosrael, tar éis iad a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta. Ba léir cuspóir an tslua agus iad ag caitheamh caifía de phatrúin éagsúla, lena n-áirítear ceann leis an bhfocal “Saoirse” agus bratach thrídhathach na hÉireann air. Bhí brat cróise an-fhada ann freisin, gach cearnóg cróise de ag déanamh ionadaíocht ar 10 bpáiste Palaistíneach maraithe ag arm Iosrael. Ba léir d’éinne, gan caint ar an slua Gardaí a bhí i láthair, gur ag fanacht ar an dara dheam den chabhlachán díbrithe go hÉirinn ag Iosrael a bhíodar.
Dá mbeadh éinne in amhras faoin gcúis a rabhthas bailithe, ba ghearr gur líonadh an t-aer le sluaghairmeacha dlúthpháirtíochta na Palaistíne i mBéarla: “Ón abhainn chun na farraige, ón bhfarraige chun na habhann” etc. Lena n-ais sin bhí ceann amháin i nGaeilge: “Saoirse don Phalaistín!” Canadh curfá Dord na bhFiann cúpla uair leis.
Bhí tuairisceoirí, griangrafadóirí agus foirne nuachta teilifíse agus raidió ag fanacht ar na hiarchimí freisin. Nuair a tháinig siad isteach sa halla teachta, rinneas féin agallamh le duine den chabhlach daonnúil, Diarmuid Mac Dubhghlais as Fionnghlas i mBaile Átha Cliath. Sumud ba theideal an chabhlacháin, focal Arabach a chiallaíonn ‘buanseasmhacht’ nó ‘athléimneacht.’