Léamhthuiscint: Oireachtas na Samhna

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is iomaí cuimhní atá ag pobal na Gaeilge ar Oireachtas na Samhna gach bliain. Ach cad é an stair a bhaineann leis an bhféile, a cheiliúrann agus a chuireann an Ghaeilge, an ceol, an rince, agus an scéalaíocht chun cinn.

Téann stair an Oireachtais siar chuig na 1890í nuair a bhí athbheochan na Gaeilge ag tosú. Spreag an Eisteddfod, féile litríochta na Breatanaise, an chéad Oireachtas in 1897. Reáchtáladh an chéad Oireachtas i mBaile Átha Cliath i dTeach an Ardmhéara ar Shráid Dhásain, sa seomra chéanna ina reáchtálfaí an chéad Dáil in 1919. Níor mhair an chéad Oireachtas ach lá amháin. Sa lá atá inniu ann bíonn na himeachtaí ar siúl ar feadh cúig lá. Meastar gur fhreastail thart ar mhíle duine ar an Oireachtas, rud a chuir ionadh ar eagraithe na féile a chried nach mbeadh mórán spéise ag lucht na hardchathrach ann. Inniu tá an-bhéim ar an rince sean-nóis Gaelach, ach ag an tús ní raibh. Bhí comórtais filíochta, rannaireachta, scéalaíochta, amhránaíochta, agus próis ann. Don chéad Oireachtas scríobh Dubhghlas de hÍde dán, agus chum sé amhrán slógaidh, Go mairid ár nGaedhlig slán. Reáchtáladh an t-Oireachtas gach bliain i mBaile Átha Cliath ó 1897 go 1912. In 1913 bhí sé i gCathair na Gaillimhe. I mbliana beidh sé ar siúl i mBéal Feirste den dara huair. 1997 an uair dheireanach a bhí sé i mBéal Feirste.

Gach bliain ceaptar Uachtarán an Oireachtais. Roghnaítear duine suntasach i bpobal na Gaeilge don ról, agus i mbliana beidh Éamon Ó Cuív ina uachtarán ar Oireachtas na Samhna 2025. I measc na gcomórtas a bhíonn ar siúl tá comórtais amhránaíochta ar an sean-nós, agus is é Corn Uí Riada an mórchomórtas amhránaíochta sean-nóis; Comórtas Liteartha an Oireachtais, a dhéanann céilúradh ar litríocht nua-aimseartha na Gaeilge; agus an comórtas Steip le haghaidh damhsa ar an sean-nós. Is ócáid shuntasach ar son na Gaeilge é agus deis iontach bualadh le lucht na Gaeilge a thagann ó gach cearn. An mbeidh tú ann?


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cathain a bhí an chéad Oireachtas ar siúl?
  2. Cá háit a raibh sé ar siúl?
  3. Cé mhéad a bhí i láthair?
  4. Céard a spreag an tOireachtas?
  5. Céard a rinne Dubhghlas de hÍde don Oireachtas sa chéad bhliain?
  6. Céard iad na comórtais a bhíonn ar siúil?
  7. Cé a bheidh ina uachtarán an Oireachtais?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.