Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Tá clú agus cáil ar na Blascaodaí mar gheall ar an saibhreas teanga a bhí ann agus chomh álainn is atá siad. San alt seo foghlaimeoimid faoi stair na n-oileáin agus roinnt den chultúr.
Tá sé oileán in oileánra na mBlascaod suite amach ó chósta Chiarraí. Is iad na hoiléin ná an Blascaod Mór, Beiginis, Inis Tuaisceart, Inis na Bró, Inis Mhic Aoibhleáin, agus An Tiaracht. Meastar gur tháinig an t-ainm Blascaod ón bhfocal Lochlainnise Brasker, a chiallaíonn carraig ghéar. Tá ciall leis an ainm seo má fheiceann tú ar thírdhreach na n-oileán. Bhí daoine ina gcónaí ar na oileáin ón 13ú haois ar aghaidh. Bhí smacht ar clann Feiritéir ar na hoileáin agus iad acu ar cíos ón Iarla Dheasumhan. Bhí daonra seasta ar na hoileáin fiú i rith an Ghorta Mhóir, ach faoi na 1950í ní raibh ach 20 clann fágtha agus bhí siad ag dul in aois. Mar gheall ar dhrochaimsir bhí sé thar a bheith deacair agus contúirteach seirbhísí eigeandála a chur ar fáil dóibh. Athlonnaíodh na teaghlaigh ar an mórthír in 1954, cé nach raibh siad sásta na hoileáin a fhágáil.
Bhí an-suim ag antraipeolaithe sna hoileánaigh ón 19ú haois ar aghaidh agus tá neart taighde déanta orthu. Mar gheall air seo tá roinnt foinsí a dhéanann cur síos ar shaol na n-oileán. Tá a fhios ag gach duine faoi Pheig Sayers toisc go raibh ar dhaltaí Ardteiste staidéar a dhéanamh uirthí ar feadh blianta fada. Anuas ar Peig tá Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Suilleabháin, agus An t-Oileánach le Tomás Ó Criomhthain. Tá pictúir de na Blascaodaí le feiceáil i bpas na hÉireann ar leathanach 7 le líne ó dhán le Nuala Ní Dhomhnaill, “Labhrann gach cúinne den leathinis seo liom ina teanga féinig, teanga a thuigim”.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cén áit sa tír ina bhfuil na Blascaodaí?
- Cén t-ainm atá ar na sé oileán?
- Cad is brí leis an ainm?
- Cén fáth ar athlonnaíodh daonra na n-oileán?
- Ainmnigh dhá shaothar a tháinig ó na hoileáin.6. Cén nasc atá ann idir pas na hÉireann agus na Blascaodaí?