Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Claire Whitehead
Ceann de na himeachtaí staire is suntasaí i stair na hÉireann is ea Éirí Amach na Cásca 1916. San alt seo foghlaimeoimid faoi na príomhimeachtaí a tharla i rith Sheachtain na Cásca 1916.
Luan na Cásca an 24 Aibreán 1916 chuaigh 1,500 óglach de chuid Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann, Fianna Éireann, agus Cumann na mBan amach go foirgnimh éagsúla timpeall Chathair Bhaile Átha Cliath agus ghlac siad seilbh orthu. Léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill. Fógraíodh Poblacht agus comhchearta d’fhir agus mná na hÉireann uile.
Ghlac forsaí na Poblachta seilbh ar Choláiste Ríoga na Máinlia in aice le Faiche Stiabhna, Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, na Ceithre Cúirteanna, Muilte Boland, Ard-Oifig an Phoist, agus Institíud na Déircíochta. Rinneadh iarracht Caisleán Bhaile Átha Cliath a thógáil ach cheap na hÓglaigh go raibh i bhfad níos mó saighdiúirí Sasanacha istigh ann ná mar a bhí, mar sin ghlac siad seilbh ar Halla na Cathrach atá suite in aice leis an gcaisleán.
Mhair Éirí Amach na Cásca 7 lá. Maraíodh thart ar chúig céad duine i rith na troda, sibhialtaigh an chuid is mó acu. Fuair ceannaire amháin de chuid Óglaigh na hÉireann bás i rith na seachtaine, Mícheál Seosamh Ó Rathaille, “an Rathailleach”, a scaoileadh chun báis ar Shráid an Mhúraigh.
De thoradh ar an Éirí Amach scriosadh lár na cathrach. Meastar gur chosain an damáiste ar na foirgnimh breis is millúin punt ag an am. Cuireadh na mílte i bpríosún de bharr tacaíocht do na hÓglaigh nó ballraíocht iontu. Seoladh go Frongoch sa Bhreatain Bheag iad agus is ansin a thosaigh siad ag traenáil agus ag ullmhú do Chogadh na Saoirse. Cuireadh sé cheannaire dhéag chun báis tar éis an Éirí Amach.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cén dáta ar thosaigh Éirí Amach 1916?
- Liostaigh cuid na grúpaí a ghlac páirt.
- Liostaigh áiteanna ar ghabh na Poblachtánaigh seilbh orthu i rith Sheachtain na Cásca.
- Cé chomh fada is a mhair an troid?
- Ainmnigh an t-aon cheannaire a fuair bás le linn an troda.
- Liostaigh trí thoradh a bhí ar an Éirí Amach.
Tasc breise
Pioc duine de na ceannairí agus déan taighde air. Scríobh aiste bheag ar a shaol.