Is ionann teip Jim Gavin agus teip Mhichíl Martin

Cathal Ó Murchú

Tá sé soiléir go mbaineann teip fheachtas uachtaránachta Jim Gavin, ainmnithe ag Fianna Fáil, go mór le teip an Taoisigh féin, Mícheál Martin, tar éis dá fheachtas uachtaránachta imeacht go tóin poill. Nuair a nochtadh scéal sna meáin nár íoc sé tíonónta dá chuid ar ais méid €3,300 a bhí dlite dó, ba léir nach raibh aon dealramh lena fheachtas agus d’éirigh sé as an rás dá bharr go luath Dé Luain seo caite. Seachas an scannal sin, ba léir nach raibh fíorchumas aige do ról an uachtaráin óna chumarsáid amscaí leis an bpobal, óna thaispeántas poiblí sna meáin agus óna dhíospóireachtaí leis na hiarrthóirí eile.

Mar a sheasann cúrsaí anois, níl ach beirt iarrthóirí fágtha do rás na huachtaránachta, Catherine Connolly (neamhspleách) agus Heather Humphries (Fine Gael), cé go mbeidh Jim Gavin fágtha ar an bpáipéar ballóide don toghchán Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair 2025, coicís ón eagrán seo.

Roimh an iarracht uachtaránachta seo, bhí clú agus cáil ar Gavin mar an bainisteoir peile idirchontae is rathúla riamh nuair a ghnóthaigh foireann Bhaile Atha Cliath faoina stiúir cúig chraobh uile-Eireann as a chéile i bpeil shinsearach na bhfear sna blianta 2015 go 2019.  Bhuaigh a fhoireann craobh eile roimhe sin in 2013 agus arís bhuaigh siad an séú craobh as a chéile in 2020 tar éis dó éirí as mar bhainsteoir an bhliain roimhe. D’imir sé peil idirchontae do Bhaile Átha Cliath sna 1990í agus bhuaigh sé bonn uile-Eireann in 1995.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.