Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair, 6.30 tráthnóna ar RTÉ 1 agus ar Sheinnteoir RTÉ

Sa tsraith nua sé chuid seo, téann Imelda May ar thuras mothúchánach agus fiosrach timpeall cheantair Ghaeltachta na hÉireann agus í ag tabhairt aghaidh ar a caidreamh leis an nGaeilge trí amhráin ar an sean-nós. Ag leanúint lorg na mbailitheoirí móra ceoil, cuireann sí a croí agus a hanam isteach ina sprioc chun gach aon fhocal de na hamhráin seo a thuiscint. An dtiocfaidh sí ar amhráin a spreagfaidh í ó thaobh mothúcháin de, agus an ndéanfaidh sí ceangal leis an stíl thraidisiúnta amhránaíochta seo?
Le linn na sraithe, déanann Imelda iniúchadh ar chartlanna na mbailitheoirí mór le rá a tháinig roimpi, ó Ristéard De Hindeberg go Elizabeth “Bess” Cronin. Ar a turas, buaileann sí le Lillis Ó Laoire, Ollamh le Gaeilge agus amhránaí sean-nóis, chomh maith le ceoltóirí Liam Ó Maonlaí agus Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta. Buaileann sí le hamhránaithe iontacha ban a mhúineann amhráin sean-nóis di, chomh maith le hamhránaithe áitiúla ó na Gaeltachtaí a chaomhnaigh an traidisiúin seo ó ghlúin go glúin.
Cuireann Muireann Nic Amhlaoibh, Ann Mulqueen, Caitlín Ní Chualáin agus Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill fáilte chroíúil roimh Imelda agus cabhraíonn siad léi lena sprioc – líofacht san amhránaíocht sean-nóis, nó ar a laghad tuiscint ar ealaín dhomhain an traidisiúin luachmhair seo.
Musclaítear bród, muintearas agus féiniúlacht úr, agus Imelda ag canadh óna croí amach, agus tugtar aitheantas ceart do shaothair na mbailitheoirí iomráiteacha seo.
Craolfar an chéad chlár de Imelda May: Amhráin na nGael ar RTÉ 1 agus ar Sheinnteoir RTÉ tráthnóna an 17 Deireadh Fómhair ag 6.30.