Imeachtaí Oireachtas na Samhna

Dé hAoine an 31 Deireadh Fómhair

8:00 – 9:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Adhmhaidin’ á chur i láthair ag Gormfhlaith Ní Thuairisg
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

9:30 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 5-8 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), An Chéad Urlár, Óstán Europa

9:30 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (E)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 13 bliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (A)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá faoi 6 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (D)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 9 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (G)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 12-13 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC

9:30 CORN CUIMHNEACHÁIN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS MHÚSCRAIGHE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir faoi 35
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC

9:30 CORN CUIMHNEACHÁIN SHEÁIN ÓIG UÍ THUAMA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná faoi 35
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC

10:00 – 11:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Beo ar Maidin’
Arna chraoladh beo ar Raidió Fáilte
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

10:00 – 17:00 AN SEOMRA TEAGHLAIGH
Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: ARC, Bunurlár, ICC

10:30 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 9-10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), An Chéad Urlár, Óstán Europa

10:30 CUR I LÁTHAIR
‘Roibeard Mac Ádhaimh, agus AthbheochanTeanga is Athmhuintearas i mBéal Feirste sa 19ú haois’
Á chur i láthair ag Ollamh Mícheál Ó Mainnín, Ollscoil na Banríona.
Rugadh Roibeard Mac Ádhaimh i mBéal Feirste sa bhliain 1808 agus mhair go dtí deireadh na haoise nach mór. Fuair sé bás sa bhliain 1895, agus chuaigh sé i gcion go mór ar shaol cultúrtha na cathrach lena linn. Ba bhailitheoir lámhscríbhinní é agus spreag sé go leor daoine le dul i mbun tiomsaithe ar fud Chúige Uladh agus níos faide ó dheas. Bhí bua ar leith teangacha aige agus tá léargas air sin sa tsaothar cáiliúil uaidh an Comparative Lexicon of the Irish Language (atá ar coimeád i Leabharlann an Línéadaigh). Bhain sé féin is a mhuintir leis an phobal liobrálach Preispitéireach a bhí i réim sa chathair ag an am, agus ba mhór an meas a bhí air ar fud na hÉireann mar athbheochanóir a raibh a chroí istigh sa Ghaeilge.
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Tuaisceart Éireann
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

10:45 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (F)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 14 bliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

10:45 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (B)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 7 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

11:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (E)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 10 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

11:00 – 12:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Barrscéalta’
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

11:00 SEISIÚN EOLAIS: Slí na Gaeltachta
Tabharfar spléachadh do lucht freastail na féile ar Slí na Gaeltachta, siúlóid féinthreoraithe ar na plaiceanna a thugann cur síos ar Slí na Gaeltachta agus stair na Gaeilge i mBéal Feirste.
Arna eagrú ag Forbairt Feirste
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1,ICC

11:00 PLÉPHAINÉAL
Ról na nGael i dTógáil Éire Nua
Beidh an díospóireacht seo dírithe ar an ról thábhachtach atá ag Gaeilgeoirí i gcruthú Éire nua. Tá an díospóireacht phoiblí faoi Aontacht na hÉireann tar éis méadú go mór le míonna beaga anuas. Beidh an comhrá seo oscailte do chách ar mian leo plé a dhéanamh ar an gceist pholaitiúil is tábhachtaí atá roimh mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann.
CATHAOIRLEACH: Edel Ní Churraoin (Léiritheoir & Craoltóir Saoririse)
PAINÉAL:
Paula Melvin, Iar Uachtarán Chonradh na Gaelige
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
An Dr Niall Comer, Léachtóir le Gaeilge, Ollscoil Uladh

Beidh fáilte roimh rannpháirtíocht ón lucht éisteachta i rith an imeachta.
Arna eagrú ag Coimisiún um Thodhchaí na hÉireann, Sinn Féin
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

11:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (H)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 14-15 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC

12:00 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 11 bliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), An Chéad Urlár, Óstán Europa

12:00 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (G)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

12:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (C)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 8 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

12:00 SEOLADH
Seolfar MíleGlór na nÓg – áis nua do thaifeadadh ar líne de ghuthanna páistí. Tá géarghá le corpais pháistí dár n-áiseanna oideachais agus rochtana. Tá gach canúint agus páistí lasmuigh den Ghaeltacht de dhíth.
Seolfar líonra úr NEARTÚ ar abair.ie, mol ina bhfuil eolas agus comhairle i dtaca le háiseanna rochtana ABAIR agus spléachadh ar an taighde idir lámha.
Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie)
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

12:00 MEITHEAL IMRAM
CÉ A LÉIFIDH LEABHAR GAEILGE?
Ní hionann cainteoir Gaeilge agus léitheoir Gaeilge. Cad é mar is féidir le scríbhneoirí, foilsitheoirí agus féilte litríochta phobal na Gaeilge a spreagadh chun leabhar Gaeilge a léamh? Cén ról atá ag eagrais Gaeilge, na meáin Gaeilge agus clubanna leabhar? I gcuid mhaith clubanna leabhar, is mná iad na baill uile – ach an bhfuil foilsitheoirí ag freastal ar an déimeagrafach seo i gceart? An bhfuil a léithéid de rud agus Sally Rooney na Gaeilge ann? Cad iad na leabhair is mó éilimh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht? Cén fhís atá againn chun litríocht don phobal i gcoitinne a chur chun cinn?
PLÉPHAINÉAL: Anna Heussaff, Eoin P. Ó Murchú, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus aíonna eile.
Arna eagrú ag IMRAM
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

12:00 – 15:00 MÁISTIR-RANG AISTEOIREACHTA
An bhfuil suim agat san aisteoireacht? Ar mhaith leat tuiscint níos fearr a fháil ar aisteoireacht don Teilifís? Seo deis iontach duit. Beidh Simon Boyle ag reáchtáil ceardlann trí uair a chloig agus ina theannta beidh Domhnall Ó Braonáin agus Caitríona Ní Dhomhnaill, beirt de réaltaí Ros na Rún, atá ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer i mbliana.
Beidh deiseanna ann chun scéal a chruthú agus tobchumadóireacht a dhéanamh, le béim ar spraoi agus saoirse.
Cuirfear fáilte roimh aon duine os cionn 12 bliain d’aois. Is gá clárú don imeacht seo roimh ré ag leiriuchain@rosnarun.com
Arna eagrú ag Ros na Rún
IONAD: An Leabharlann, Leibhéal 1, Óstán Europa

13:00 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (H)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 16-17 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

13:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (F)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 11 bliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

13:00 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (D)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá 12 bliana d’aois ar Lá Samhna 2025
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), An Chéad Urlár, Óstán Europa

13:00 SEOLADH LEABHAIR
An Ghaeilge i lár Bhéal Feirste le Fionntán de Brún á sheoladh ag Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Treoirleabhar dátheangach bunaithe ar shiúlóid staire i lár chathair Bhéal Feirste. Pléitear áiteanna agus daoine a bhfuil dlúthbhaint acu le stair na Gaeilge sa chathair. Ag díriú ar 16 ionad ar leith, leantar scéal na Gaeilge ón Mheánaois go Tionól na gCruitirí 1792, anuas go hathbheochan Chonradh na Gaeilge sa 19ú/20ú haois.
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1,ICC

13:00 – 15:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár raidió beo ó Oireachtas na Samhna arna chraoladh ar Raidió Fáilte 107.1 FM / www.raidiofailte.com agus Raidió na Life 106.4 FM / www.raidionalife.ie
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

13:00 PLÉPHAINÉAL
TÉAMA: Ról na Gaeilge i bPríosún na Ceise Fada ‘70dí – ‘80dí
Díospóireacht agus plé ar thábhacht agus úsáid na Gaeilge roimh, le linn agus i diaidh Stailc Ocrais ’81, agus ar chúrsaí tragóideacha na tréimhse sin.
LÁITHREOIR: Róisí Nic Thorlaigh
Arna eagrú ag Coiste na nIarchimí
IONAD: Beár 2, Leibhéal 2, ICC

13:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (I)
COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA
Iomaitheoirí atá idir 16-17 mbliana ar Lá Samhna 2025
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

13:30 CORN CUIMHNEACHÁIN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS CHONAMARA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir os cionn 35
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC

13:30 – 16:00 CEARDLANN PLEANÁLA TEANGA FHORAS NA GAEILGE
Tabharfar súil siar agus súil chun tosaigh ar an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus an ról atá ag Foras na Gaeilge, i gcur i láthair le Póilín Uí Ghallchóir agus Leonne Ní Loinsigh.
Beidh Iar-Aire na Gaeltachta agus Uachtarán an Oireachtais Éamon Ó Cuív a chur faoi agallamh ag Ursula Ní Shabhaois. Críochnófar an seisiún le heolas faoin scéim úr Luachanna le Frainc Mac Cionnaith, Leas-Cheannasaí Ghlór na nGael.
Cuirfear sólaistí ar fáil.
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Bálseomra (Cuid 4-5), Leibhéal 1, Óstán Europa

14:00 LÚIBÍNÍ
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

14:00 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

14:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Seoda na Sean, Amhráin Ghaolainne agus Bhéarla ó Chairbre, ó Mhúscraí, agus ó cheantair eile i nDeas-Mhumhain’ le Pádraig Mac Cárthaigh á sheoladh ag Marcas Ó Murchú.
Bailiúchán saibhir, mothálach, d’amhráin thraidisiúnta as Éirinn, ina bhfuil roinnt píosaí neamhchoitianta nár taifeadadh roimhe seo. Cuireann an leabhar liricí agus comhthéacs stairiúil ar fáil faoi chumadóirí agus foinsí na n-amhrán. In éineacht le dhá dhlúthcheirnín amhránaíochta agus ceol uirlise, is ómós cuimsitheach álainn é d’oidhreacht cheoil na nGael.
Arna fhoilsiú ag Dingle Publishing
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

14:00 DRÁMA: Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain arna léiriú ag Lóchrann
IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
**Níl an dráma seo clúdaithe in Ollthicéad na féile, is gá do thicéad a chur in áirith

14:30 CORN MHÁIRE NIC DHONNCHADHA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná os cionn 35
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC

15:00 MÓRSHEOLADH LEABHAR BREAC
Cuirfear scoth na leabhar nua faoi bhráid an phobail.
Arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

15:00 ÁR dTEANGA, ÁR dTEICNEOLAÍOCHT: Intleacht Shaorga agus Todhchaí na Gaeilge agus Gaeltachta
Tá réabhlóid na hIntleachta Saorga ag cruthú athruithe móra i saol na Gaeilge agus i bpobal na Gaeltachta. Tabharfar cur i láthair gairid ar staid reatha na hIntleachta Saorga agus scrúdóidh an plépháinéal na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn.
Pléifear an chaoi gur féidir le hAI ár dteanga dhúchais a neartú agus a chothú; na bagairtí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thodhchaí na Gaeilge; na deiseanna úra atá ag oscailt do phobail na Gaeltachta sa ré dhigiteach nua; agus céard atá i ndán dúinn sa bhliain atá romhainn maidir leis an nGaeilge agus leis an AI.
Fear an Tí: Conall Ó Móráin
Beidh deis agat páirt ghníomhach a ghlacadh agus freagraí a fháil ar na ceisteanna ar fad atá agat!’
Arna eagrú ag Údarás na Gaeltachta
IONAD: Barr an Tí, Leibhéal 12, Óstán Europa

15:00 – 17:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Pé Scéal É’ a chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

15:00 SEOLADH: An Leabharlann Fháilteach
Scéim nua ó Gaeilge365 chun úsáid na Gaeilge a neartú i leabharlanna poiblí.
Cuirfidh an scéim seo creat nua straitéiseach, uirlisí praiticiúla agus tacaíochtaí foghlama ar fáil d’fhoirne chun cur le cuairteanna, iasachtaí, agus ballraíocht trí Ghaeilge.
Arna eagrú ag Gaeilge365
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

15:30 AMHRÁN SAOTHAIR
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

16:00 AMHRÁN NUACHUMTHA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

16:00 TIONÓIL GÉARCHÉIME CEARTA
Ag teacht sna sáile ar an agóid stairiúil CEARTA ar an 20 Meán Fómhair 2025, tá tionól Géarchéime á reáchtáil le plé a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile den fheachtas.
Fáilte roimh éinne ar mian leo a bheith páirteach sa chomhrá tráthúil seo.
Arna éascú ag Conradh na Gaeilge
IONAD: Beár 2, Leibhéal 2, ICC

16:00 SEOLADH SUÍOMH IDIRLÍON Suíomh úr idirlíon, fisanphobail.com, le Líonra Gaeilge Feirste Thiar, Fís an Phobail á sheoladh ag Tomaí Ó Conghaile.
Beidh eolas ar gach atá ag titim amach in Iarthar Bhéal Feirste i dtaca le cúrsaí Gaeilge ar fáil in áit amháin, maraon le léarscáil idirghníomhach trí Ghaeilge agus blaganna tuairimíochta ó chleachtóirí, ó thuismitheoirí, ó dhaoine óga agus go leor eile.
Arna eagrú ag Fís an Phobail
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

16:00 GEARRSCANNÁN: An tAon Éan Amháin Gearrscannán faoi dhuine de na cainteoirí dúchais deireanacha Gaeilge i bPort a’Chlóidh in iarthuaisceart Mhaigh Eo, Seán Ó Raghaille (1933-2025). Sa ghearrscannán seo, labhraíonn Seán ar a áit dhúchais, ar a laethanta scoile, ar a chlann agus ar thodhchaí na Gaeilge ina dhúiche féin agus níos faide ar shiúl.
Reáchtálfar seisiún C&F i ndiaidh an léirithe i gcomhluadar Meri Tadić, stiúrthóir an scannáin, agus Rua Breathnach, aistritheoir agus comhléiritheoir.
Arna léiriú ag Rua Breathnach
IONAD: Svuít Bhaile Átha Cliath, Leibhéal 2, Óstán Europa

16:30 CEARDLANN Pléifear obair Thithe an Oireachtais, ról gach Tí sa phróiseas reachtach, agus conas is féidir le saoránaigh dul i dteagmháil lena bparlaimint ar bhealach fiúntach.
Is gá clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig: Eoghan.OCruadhlaoich@oireachtas.ie
Arna eagrú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, Tithe an Oireachtais
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC

16:30 – 17:30 FOCAL AR FHOCAL: Tionscadail Foclóireachta Fhoras na Gaeilge
An chéad fhéachaint ar an bhFoclóir Nua Gaeilge
Déanfar léiriú beo sa seisiún seo ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge a sheolfar go hoifigiúil roimh dheireadh na bliana. Seo an chéad bhlaiseadh a gheobhaidh pobal na Gaeilge ar iontrálacha agus ar shuíomh nua foclóir.ie.
Beidh seisiún ceisteanna agus plé ina dhiaidh.
Tabharfar deis do dhaoine triail a bhaint as an suíomh nua le linn an deireadh seachtaine.
CAINTEOIRÍ: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach
Craolfar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge.
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

16:30 PLÉPHAINÉAL
Litríocht do pháistí agus conas iad a spreagadh
Beidh Laureate na nÓg, Patricia Forde i mbun cainte le haíonna speisialta ó dhomhan na litríochta do pháistí. Pléifear an réimse leabhar atá ar fáil as Gaeilge do pháistí an lae inniu, conas léamh le leanaí óga agus conas páistí a spreagadh le dul i mbun léitheoireachta iad féin.
Arna eagrú ag Leabhar Pháistí Éireann
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

17:00 CUIDEACHTA AG AN OIREACHTAS
Roghnófar buaiteoirí na dtóraíochtaí, sólaistí deasa ar fáil. Duaiseanna le buachan!
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

17:00 SCANNÁNAÍOCHT AGUS CEOL GAEL LINN
Réamhamharc - Deis eolas a fháil ar mhíreanna scannánaíochta mar chuid de thionscnamh úr i gcomhar leis an IFI le Amharc Éireann (200+ míreanna scannánaíochta) a chur ar fáil saor in aisce le fotheidil Bhéarla ar fud na cruinne – á cur i láthair ag Réamonn Ó Ciaráin.
Amharc Siar - Ceiliúradh ar Chartlann Cheoil Gael Linn agus deis ag daoine amharc ar an ealaín chumhachtach a bhain le foilseacháin stairiúla ceoil de chuid Gael Linn - á cur i láthair ag Marcas Ó Murchú
Arna eagrú ag Gael Linn
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), Leibhéal 1, Óstán Europa

17:00 SEOLADH LEABHAR
‘I Muinín na nDúl’ le Máire Wren á sheoladh ag Róise Ní Bhaoill agus ‘Dordéan’ le Róise Ní Bhaoill á sheoladh ag Lillis Ó Laoire.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Beár 1, Leibhéal 1, ICC

17:30 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Lár Stáitse beo ar TG4.
Blaiseadh den tsiamsaíocht, den iomaíocht agus de rannpháirtíocht daoine óga i gcomórtais taibhealaíon an Oireachtais.
Arna chraoladh ar TG4
IONAD: An Stáitse Mór, ICC

18:00 SCÉALAÍOCHT: Príomhchomórtas
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

18:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Sí’ le Seán Ó Muireagáin á sheoladh ag Caoimhe Ní Chathail
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Beár 1, Leibhéal 1, ICC

18:00 – 20:00 CUISLE NA GAELTACHTA
Deis do theagascóirí agus rannpháirtithe i gclár óige Ealaín na Gaeltachta, Cuisle, bualadh le chéile le haghaidh seisiún mór ceoil agus siamsaíochta. Fáilte roimh chách a bheith rannpháirteach.
Aíonna speisialta: Éanna Ó Cróinín agus cairde.
Arna eagrú ag Ealaín na Gaeltachta
IONAD: ARC, Bunurlár, ICC

18:00 ÓCÁID CHEILIÚRTHA
Is í An Timire an iris is sine in Éirinn, a cuireadh i gcló go leanúnach ó céad bunaíodh é 115 bliain ó shin, fiú amháin agus Éirí Amach na Cásca ar siúl!
Mar sméar mhullaigh air seo tá Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS) ag ceiliúradh 70 bliain ag FÁS!
Bí linn don cheiliúradh!
Arna eagrú ag An Timire, Foilseachán Ábhar Spioradálta
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

18:00 PODCHRAOLADH BEO
‘Coinne Chultúir’
Déanfar plé ar bhuaiceanna cultúrtha na bliana agus cuirfear agallaimh ar na Gaeil a bhíonn i lár an aonaigh maidir le cúrsaí ceoil, cultúir, drámaíochta agus eile.
Arna chraoladh ag Raidió RíRá
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

18:00 SEOLADH & PLÉPHAINÉAL
Seolfaidh Síomha Ní Ruairc (Bainisteoir Óige Conradh na Gaeilge) leagan úrnua den phacáiste tarraingteach ‘Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge: Do Ghairm, do Theanga, do Thodhchaí’ a thugann spléachadh ar ghairmeacha le Gaeilge tar éis na scolaíochta.
Stiúrfaidh Conall Ó Máirtín (TG4) pléphainéal spreagúil le daoine óga ar ghairmeacha suimiúla le Gaeilge. Beidh ceol, sólaistí agus cuideachta ar fáil do chách!
Arna eagrú ag COGG i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge & Údarás na Gaeltachta
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC

18:30 PLÉPHAINÉAL
Comhrá Cois Teallaigh le Comhaltaí Thithe an Oireachtais
CATHAOIRLEACH: Gormfhlaith Ní Thuairisg
PAINÉAL: Aengus Ó Snodaigh T.D, Conor McGuinness T.D, Barry Heneghan T.D & An tSeanadóir,

Shane Curley
Arna eagrú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, Tithe an Oireachtais
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC

18:30 SEOLADH ÁBHAR AR DÚCHAS.IE
Seolfar baisc nua taifeadtaí fuaime ar shuíomh Dúchas.ie, chomh maith le baisc nua grianghraif. Léireofar cuid den ábhar nua seo do lucht freastail an Oireachtais.
Arna eagrú ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

19:00 SEOLADH CLÁR TG4
Beidh an scannán seo á thaispeáint mar chomóradh ar 20 bliain de Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.
Tá an imeacht seo á reáchtáil i bpáirt le Féile Scannánaíochta Bhéal Feirste a bheidh ag tarlú ó 30 Deireadh Fómhair – 8 Samhain 2025 www.belfastfilmfestival.org
Scannán – AONTAS
Socraíonn triúr ban comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Tá na gadaithe faoi stiúir mná atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici. Cuirtear tús leis an scéal seo agus cúrsaí imithe in aimhréidh i ndiaidh na robála agus téitear siar san am go bhfeictear an méid a tharla roimhe sin.
IONAD: Cineworld, Odyssey Arena, 2 Cé na Banríona, Béal Feirste BT3 9QQ

Is féidir ticéad a chur in áirithe anseo: https://belfastfilmfestival2025.eventive.org/schedule/aontas-68d4f92969b3c7da0b8132e9
Ní bheidh an ócáid seo clúdaithe in Ollticéad na Féile ná an ticéad lae.

19:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS – NUACHT TG4 á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola IONAD: ICC

19:30 SEAN-NÓS NA mBAN
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC

21:00 CÓISIR NA MAC LÉINN
Cóisir gléasta le scoth an cheoil ó Burnchurch, Emma Ní Fhíoruisce agus aíonna speisialta eile á chur i láthair ag Hugh Mac Giolla Chearra.
IONAD: Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

22:30 AN CLUB AMHRÁNAÍOCHTA
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), Leibhéal 1, Óstán Europa

22:30 SEOLADH DLÚTHDHIOSCA
‘Anáil an Dúchais’ le Bríd Ní Mhaoilchiaráin (Buaiteoir Chorn Uí Riada 2002, 2015, 2019)
Seolfar an dlúthdhiosca seo le linn Casadh an tSúgáin.
IONAD: An Bálseomra (Cuid 1-3), Leibhéal 1, Óstán Europa

22:30 – 01:00 CLUB NA FÉILE
le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4
IONAD: Halla Uladh

Dé Sathairn an 1 Samhain

9:30 #parkrunabú!
Rith speisialta Oireachtas na Samhna 2025.
IONAD: Páirc na bhFál, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

10:00 VEIDHLÍN
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

10:30 AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ
Ollchruinniú an Oireachtais
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

10:30 SCÉALTA NUA Ó GAOIS, DCU
Faigh amach faoina bhfuil déanta ag grúpa taighde Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) le bliain anuas agus faoina bhfuil beartaithe do 2026. Cuirfear tionscadail nua amhail Canúint.ie, Sráidaimn.ie agus Hiddenheritages.ai i láthair, agus míneofar na forbairtí is nuaí ar Corpas.ie, Logainm.ie, Téarma.ie, Ainm.ie agus Dúchas.ie. Cuirfear píosaí taighde ar a bhfuil an fhoireann ag obair i láthair go hachomair. Cuirfear fáilte roimh mholtaí feabhais agus roimh cheisteanna ón lucht éisteachta.
Arna eagrú ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

11:00 CEOL BEIRTE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: An Stiúideo, ICC

11:00 SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS
Is é téama an tseimineáir i mbliana ná ‘An ród seo romhainn’ áit a ndéanfar plé ar 100 bliain d’fheachtais agus agóidí ach céard atá os ár gcomhair. Beidh an tOllamh Fionntán de Brún, an t-abhcóide Cecilia ní Choileáin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD Róisín Nic Liam ar an bpainéal cainte.
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
Arna chraoladh beo ar ‘An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC

11:00 – 12:00 CÓISIR CÚLA4
Beidh spraoi agus siamsaíocht do chách ag Cóisir Cúla4 – ó dhioscó spleodrach go péinteáil aghaidhe agus neart gníomhaíochtaí eile don teaghlach ar fad.
Á chur i láthair ag láithreoirí Cúla4.
Seolfar sraith úrnua, Dar le Daideo, le Niall Mac Eachmharcaigh. Beidh na haíonna speisialta ón tsraith i láthair don ócáid bhríomhar seo.
Arna eagrú ag Cúla4
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC

11:00 SEOLADH LEABHAIR
Atrocity Ár le Ciarán Ó Coigligh á sheoladh ag an Ath Frainc Mac Brádaigh & Máirín Hurndall
Is cuimhneachán fileata dátheangach an saothar seo ar 295 íobartach a bhásaigh ina liacht sin ár i dTuaisceart Éireann, i bPoblacht na hÉireann, i Sasana, sa mBeilg, sa nGearmáin & san Ísiltír. An Bhantiarna Áirléana Fuiréast a scríobh an Réamhfhocal agus an Seandóir Rónán Ó Maoláin a scríobh an Blurba.
Arna fhoilsiú ag Yellow House Publishing.
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

11:00 LÉAMH DRÁMA
‘Muinín’ le Pádraig Mac Oscair
Dráma faoi theaghlach i dTír Chonaill a théann trí dheacrachtaí airgid i rith an Cúlú Siar Mór, agus na rudaí a rinne daoine i rith na tréimhse tar éis an Tíogair Cheiltigh. Níos mó ná sin, is dráma é seo faoi bheirt bhan atá faoi bhrú ó fhear uafásach, agus céard a dhéanann siad le héalú uaidh.
IONAD: Barr an Tí, 12ú Urlár, Óstán Europa

11:30 SEOLADH DLÚTHDHIOSCA
‘Amhráin Áine’ le hÁine Durkin á sheoladh ag Prionsias Mac a’Bhaird
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

12:00 – 14:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Seó an Oireachtais’
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

12:00 SPLÉACHADH AR CANÚINT.IE
Caith súil ar Thaisce Chanúintí na Gaeilge, arna fhorbairt ag Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) i bpáirt le cartlanna éagsúla. Éist le samplaí ábhair as na ceantair Gaeltachta agus iar-Ghaeltachta – Reachlainn, Ó Méith agus An Srath Bán ina measc – agus faigh amach faoina bhfuil beartaithe don suíomh.
Arna eagrú ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

12:00 SEISIÚN EOLAIS
Glórtha Nua – Glór na nDéise agus Glór Fir Ultach. Plé ar thábhacht na gcanúintí sa teic AI.
Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie)
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

12:00 – 16:00 AN CLINIC LEABHAIR
An léitheoir óg tú? Sa tóir ar shraith nua? Buail isteach chuig Clinic Leabhar Leabhair Pháistí Éireann! Labhair leis an Dochtúir Leabhar, faigh comhairle uathu maidir leis na leabhair is fearr leat agus tabharfaidh siad oideas duit leis an gcéad leabhar eile ar cheart duit a léamh, ar féidir a thabhairt leat chuig an siopa leabhar nó leabharlann áitiúil!
Arna eagrú ag Leabhar Pháistí Éireann
IONAD: Seomra Boird 1, Leibhéal 2, ICC

12:00 AITRIBH NA nGAEL: Baile, Báid & An Bás
Tabharfar blaisín den ábhar atá bailithe ag Seán Mac Cionnaith ar ainmneacha tithe, bád agus ábhair/friotail bháis (tuamaí, cártaí cuimhneacháin agus fógraí báis), paidreacha, beannachtaí fheartlaoithe agus eilimintí eile.
Tá cnuasach maith pictiúr a théann le liostaí na n-ábhar chomh maith a bheidh ar taispeáint ag an ócáid seo.
IONAD: Svuít Bhaile Átha Cliath, Leibhéal 2, Óstán Europa

12:30 SEIMINEÁR
Iriseoireacht Chlóite na Gaeilge? Ré Nua?
CATHAOIRLEACH: Caitríona Ó Torna
PAINÉAL: SeanTadhg Ó Gairbhí, Tuairisc.ie; Póilín Ní Chiaráin, RTÉ; Conchubhar Ó Liatháin, Journal.ie
Arna eagrú ag Clár um Léann na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame
IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC

12:30 PRÍOMHCHOMÓRTAIS DAMHSA AR AN SEAN-NÓS
Gach Aoisghrúpa
Beo ar TG4
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC

12:30 AMHRÁNAÍOCHT AONAIR NACH SEAN-NÓS Í
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: An Stiúideo, ICC

13:00 ÓCÁID ÓMÓIS DO PHÁDRAIG Ó SNODAIGH
Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Phádraig Uí Shnodaigh, duine de mhórlaochra ildánacha ár linne, a spreag scríbhneoirí, filí, feachtasóirí agus ealaíontóirí chun gnímh anuas ar an saothar liteartha téagartha a tháinig óna pheann féin agus an borradh as cuimse a chur sé faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge.
IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

13:00 BREACADH ag Ceiliúradh 25 Bliain
Caithfear súil siar ar obair mhór Bhreacadh don fhoghlaimeoir fásta sa Ghaeltacht ar cainteoir dúchais é/í.
Tá 230 áis foghlama curtha ar fáil ag Breacadh mar thacaíocht do sheirbhísí aosoideachais na 7 mBord Oideachais & Oiliúna Gaeltachta, idir áiseanna crua agus digiteach, i dtrí mhórchanúint na Gaeilge.
Arna eagrú ag Breacadh
IONAD: ARC, Bunurlár, ICC

13:00 – 15:00 CRUINNIÚ NA gCLEASAITHE
Beidh siad ag léamh drámaí Gaeilge, ag déanamh fiosrú ar na gluaiseachtaí éagsúla a bhíodh ann, ag súil le gluaiseachtaí nua a bhunú, agus ag féachaint ar dhréacht dhrámaí nach bhfuil críochnaithe ach réidh chun an coincheap a roinnt. An rud is tábhachtaí ná an plé a bheidh ann.
Ní gá a bheith i d’aisteoir, stiúrthóir, scríbhneoir le bheith rannpháirteach – tá fáilte roimh chách.
IONAD: Barr an Tí, 12ú Urlár, Óstán Europa

13:00 AG CEILIÚRADH POBAL NA GAEILGE CHAISLEÁN UIDHILÍN
Amhráin, ceol damhsa agus mion-dhrámaí ó bhunadh Chaisleán Uidhilín le mic-léinn ó Bhunscoil Bheanna Boirche agus Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg is baill Ghlór Uachtar Tíre.
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Thuaisceart Éireann
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

13:30 AMHRÁNAÍOCHT AONAIR LE TIONLACAN GIOTÁIR
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA i gcuimhne ar Albert Fry
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

14:00 AN CHÚIRT FILÍOCHTA
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé.
Le tacaíocht ó Clár na Leabhar Gaeilge
IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

14:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Cloch in Áit an Charnáin. Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis’ le Pádraig Ó Tiarnaigh á sheoladh ag an Ollamh Fionntán de Brún.
Amhránaíocht le Bláithín Mhic Cana agus aithris le Shane Ó Curraighín.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Beár 2, Leibhéal 2, ICC

14:00 – 16:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár raidió beo ó Oireachtas na Samhna arna chraoladh ar Raidió Fáilte 107.1 FM / www.raidiofailte.com agus Raidió na Life 106.4 FM / www.raidionalife.ie
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

14:00 – 15:00 ÚSÁID FOCLÓIR.IE agus TEANGLANN.IE
Cur i láthair 30 nóiméad ina dtaispeánfar conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí agus áiseanna ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie. Beidh béim ar leith sa seisiún seo ar shuíomh nua foclóir.ie agus ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge a fhoilseofar i gceann cúpla seachtain. Beidh seisiún gairid ceisteanna agus plé ina dhiaidh. Tae agus caife ar fáil.
Aoichainteoirí: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

14:00 AG CEILIÚRADH POBAL NA GAEILGE BHÉAL FEIRSTE
Beidh eagraíochtaí Gaeilge ó achain áit i mBéal Feirste agus Co. Aontroma ag bronnadh duaiseanna éagsúla ar mhic léinn.
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Thuaisceart Éireann
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

14:30 SCLÉIP NA SAMHNA
Seisiún ceoil, amhránaíochta, siamsa agus damhsa i gcuideachta Breanndán Ó Beaglaoich, Eoin Ó Beaglaoich & Andrea Palandri
Fáilte roimh chách!
IONAD: Beár, Bunurlár, Óstán Europa

15:00 CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN
Do mhic léinn tríú leibhéil
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe.
Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn Airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí.
Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC

15:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Fá Bhruach an Chladaigh’ le Cormac Mac Giolla Easpaig á sheoladh ag Seán Mac Corraidh
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Beár 2, Leibhéal 2, ICC

15:00 – 17:00 SIÚLÓID THREORAITHE
Siúlóid threoraithe i lár chathair Bhéal Feirste leis an Ollamh Fionntán de Brún ina bpléifear stair na Gaeilge agus stair Chonradh na Gaeilge i lár Bhéal Feirste.
ÁIT TOSAITHE: Doirse tosaigh Primark, An Ascaill Ríoga, Béal Feirste, BT1 1BL

16:00 AN POD GAEILGE BEO!
Seo an chéad seó beo riamh ag An Pod Gaeilge, sraith podchraoltaí Tuairisc ina ndéanann Bridget Bhreathnach agus a criú plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge agus ina ndéanann Helen Ní Shé paiste cainte le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.
Bí linn do scoth an chomhrá, na cuideachta agus an spraoi…
IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

16:00 SLIOCHT – DINNSEANCHAS
Plé ar an dinnseanchas i litríocht na Gaeilge le scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín. Cuirfidh na scríbhneoirí saothar nua ar ábhar an dinnseanchais i láthair mar chuid den ócáid.
FEAR AN TÍ: Micheál Ó Conghaile.
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

16:00 SEOLADH CLÁIRSEACH ÚRNUA
Seolfar cláirseach nua leis an gcláirseoir aitheanta, Úna Ní Fhlannagáin, ina bhfuil gnéithe den chláirseach ársa Ghaelach agus den nuachláirseach Éireannach. Beidh an chláirseach úrnua uathúil seo á seoladh le ceolchoirm ghearr ina gcloisfear fuaim dhraíochta na sreanga miotail ó thraidisiún ársa na nGael. Beidh albam nua Úna, ‘Tús’, ar fáil ag an ócáid seo chomh maith.
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

16:00 CRUINNIÚ CHINN BHLIANA
AerachAiteachGaelach
Is comharghrúpa ealaíon LADTAIÉ+ é AerachAiteachGaelach a bhfuil sé de sprioc aige tacú le healaíontóirí aiteacha a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha in ealaíona na Gaeilge. Tiocfar le chéile ag an gCruinniú Cinn Bliana chun plé a dhéanamh ar bhuaicphointí na bliana, eolas faoi chuntais na heagraíochta a léiriú agus coiste 2026 a cheapadh
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD: Svuít Bhaile Átha Cliath, Leibhéal 1, Óstán Europa

16:30 SEOLADH FEACHTAS NÁISIÚNTA
Cur i láthair ó AMLÉ agus ó léachtóirí leis an bhfeachtas náisiúnta ar son oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge a sheoladh go hoifigiúil. Pléifear aistear agus torthaí na Breataine Bige, an cás in Éirinn agus an bealach chun cinn, chomh maith leis na constaicí polaitiúla os ár gcomhair. Fáilte roimh chách, ach go háirithe roimh mhic léinn agus roimh léachtóirí ollscoile.
Arna eagrú Aontas na Mac Léinn in Éirinn
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

16:30 – 19:30 PODCHRAOLADH BEO
Bígí linn nuair a bheidh foireann podchraoltaí Seachtain ag taifeadadh beo ó Oireachtas na Samhna!
Buail leis an fhoireann, ina measc Áine Ní Bhreisleáin, Tessa Fleming, Ciarán Dunbar, Storm Eaton-Kilgallen agus Gearóid Ó Muilleoir agus iad ag plé smaointe, tuairimí agus scéalta ár linne.
Buail isteach, éist linn, agus bí mar chuid den chomhrá!
Arna chraoladh ag Seachtain, The Irish Independent
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

17:00 CLUB NA FÉILE NA nÓG
Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth!
Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde.
AÍONNA SPEISIALTA: Cleamairí Feirste & ceoltóirí óga ó na Gaeltachtaí a bhí páirteach sa chlár Cuisle de chuid Ealaín na Gaeltachta
Á chur i láthair ag Odí Ní Chéilleachair
IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC

17:00 LÉACHT: CÉ AS A dTÁINIG AN SEAN-NÓS
Léacht bunaithe ar an leabhar/albam Gealach na gCuanta le Doimnic Mac Giolla Bhríde
Tabharfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde, Paddy Glackin agus Úna Ní Fhlannagáin léacht ar bhunús an tsean-nóis agus an ceangail atá aige le traidisiún ársa cláirseoireachta na nGael. Sa léacht taispeánóidh siad gur chan na sean-chláirseoirí agus go dtug siad tionlacan dóibh féin ar an gcláirseach. D’fhorbair an sean-nós as an traidisiún seo, cé gur thit an cláirseach Gaelach ar leath-taobh. Bhailigh Edward Bunting cuid mhaith den eolas seo in 1792 ag Cruinniú na gCláirseoirí i mBéal Feirste agus níl Oireachtas níos foirstinigh ann le seo a phlé!
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

17:00 COMHDHÁIL NA nGAEL – TIONSCADAL CHOLMCILLE RAIDIÓ FÁILTE
Beidh aoichainteoirí as Albain agus Manainn ag plé a gcuid eispéaras maidir le caomhnú agus cur chun cinn teanga agus cultúir ina dtíortha féin.
Arna eagrú ag Raidió Fáilte
IONAD: An Bálseomra, Leibhéal 1, Óstán Europa

17:00 LÉAMH DRÁMA
Insíonn OCRAS scéal pobail thuaithe in Éirinn a scriosadh de bharr tubaiste de dhéantús an duine.
Glaoitear “an Gorta” air i gcúrsaí staire agus oideachais — ach is é a iarrann an léitheoireacht ar an dráma seo ná go ndéanfaí machnamh ar an gceist: an Gorta a bhí ann i ndáiríre?
Tá taibhse na tragóide sin agus an chinedhíothaithe fós linn. Tá an t-aistriú seo scríofa le hómós do stair chrua na hÉireann agus d’fhulaingt ár sinsear — ach freisin chun daoine a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar an nasc idir ár stair agus na coireanna atá ag titim amach ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.
Á chur i láthair ag Cruinniú na gCleasaithe
IONAD: Barr an Tí, 12ú Urlár, Óstán Europa

18:00 MÓRSHEOLADH LEABHAR ARLEN HOUSE
Seolfar leabhair nua thaighde agus liteartha i nGaeilge le Ciarán Mac Murchaidh, Seán Mac Risteárd, Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh.
Arna fhoilsiú ag Arlen House
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

19:00 CORN UÍ RIADA
Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ RnaG agus www.tg4.ie
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC

20:00 DRÁMA SA DORCHADHAS
‘An Eachtra’, dráma bleachtaireachta ó pheann Nuala Ní Néill d’Aisling Ghéar, arna léiriú ag BBC Gaeilge le cuidiú ó An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

21:00 AN QUEERCAL COMHRÁ
Is grúpa sóisialta é an Queercal Comhrá le haghaidh cainteoirí Gaeilge LADTAIÉ+. Tá grúpaí i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i nDoire, gCo. an Chláir, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Londain, i Luimneach agus i Sligeach! Buailfidh muid ar fad le chéile ag an Oireachtas. Tar agus cuir tú féin in aithne dúinn!
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD: An Leabharlann, Leibhéal 1, Óstán Europa

22:00 GAELGÁIRÍ
An t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne.
IONAD: An Bálseomra (Cuid 4-5), Leibhéal 1, Óstán Europa

22:00 CLUB NA FÉILE
Le scoth an cheoil ó Seán Mac Corraidh agus The Hot Whiskeys
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

22:30 CLUB AMHRÁNAÍOCHTA
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
IONAD: An Bálseomra, Leibhéal 1, Óstán Europa

22:30 – 01:00 CLUB NA FÉILE
Le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4
IONAD: Halla Uladh15:00 SCEITSE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, ICC

Dé Domhnaigh an 2 Samhain

11:00 AIFREANN AN OIREACHTAIS
Ceiliúraithe an Aifrinn: An tEaspag Alan Mac Eochagáin, Deoise an Dúin agus Choinnire An tAth. Piaras Mac Siacais SJ. Comhordaitheoir an cheoil agus cantóir: Nóilín Nic Bhloscaidh
Ceoltóir (Fidil): Mairéad Forde; Ceoltóir (Méarchár): Kathy Mc Keagney; Ceoltóir (Feadóg mhór): Marion Leyden; Aoicheoltóirí: Lillis Ó Laoire (cantóir) agus Marcas Ó Murchú (feadóg mhór)
Arna chraoladh beo ar RTÉ RnaG IONAD: Séipéal Naomh Muire, Lána an tSéipéil, Béal Feirste, BT1 1HH

12:00 – 13:00 CRAOLADH BEO ‘Togha agus Rogha’ Arna chraoladh beo ar RTÉ RnaG
IONAD: Óstán Europa

15:00 SEIRBHÍS PHREISPITÉIREACH
Arna eagrú ag An Tor ar Lasadh le tacaíocht ón gComhairle agus ón Oirmhinneach David Moore atá i bhfeighil na Tionólainne in iarthar Bhéal Feirste. Beidh an tOirmhinneach Pádraigín Nic Giolla Bhríde i bhfeighil na Seirbhíse agus beidh An tOirmhinneach Jim Stothers ag seanmóireacht. Léifidh Linda Ervine agus Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív léachtaí agus beidh Jacynth Hamill i mbun ceoil in éineacht leis an ngrúpa Albanach, Glòraich. Beidh Ministir Fitzroy, an tOirmhinneach Steve Stockman, Modhnóir na Eaglaise Preispitéirí in Éireann, An Fíor-Oirmhinneach Trevor Gribben agus An Sár-Oirmhinneach Easpag Alan Mac Eochagáin i láthair don tSeirbhís chomh maith.
Fáilte roimh chách.
Cuirfear tae/caifé ar fáil.
IONAD: Eaglais Fitzroy, 77 Sráid na hOllscoile, Béal Feirste, BT7 1HL

‘Cloch in Áit an Charnáin. Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis’ le Pádraig Ó Tiarnaigh á sheoladh ag an Ollamh Fionntán de Brún.
Amhránaíocht le Bláithín Mhic Cana agus aithris le Shane Ó Curraighín.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Beár 2, Leibhéal 2, ICC

14:00 – 16:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár raidió beo ó Oireachtas na Samhna arna chraoladh ar Raidió Fáilte 107.1 FM / www.raidiofailte.com agus Raidió na Life 106.4 FM / www.raidionalife.ie
IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

14:00 – 15:00 ÚSÁID FOCLÓIR.IE agus TEANGLANN.IE
Cur i láthair 30 nóiméad ina dtaispeánfar conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí agus áiseanna ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie. Beidh béim ar leith sa seisiún seo ar shuíomh nua foclóir.ie agus ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge a fhoilseofar i gceann cúpla seachtain. Beidh seisiún gairid ceisteanna agus plé ina dhiaidh. Tae agus caife ar fáil.
Aoichainteoirí: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach
IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

14:00 AG CEILIÚRADH POBAL NA GAEILGE BHÉAL FEIRSTE
Beidh eagraíochtaí Gaeilge ó achain áit i mBéal Feirste agus Co. Aontroma ag bronnadh duaiseanna éagsúla ar mhic léinn.
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Thuaisceart Éireann
IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

14:30 SCLÉIP NA SAMHNA
Seisiún ceoil, amhránaíochta, siamsa agus damhsa i gcuideachta Breanndán Ó Beaglaoich, Eoin Ó Beaglaoich & Andrea Palandri
Fáilte roimh chách! IONAD: Beár, Bunurlár, Óstán Europa

15:00 CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN
Do mhic léinn tríú leibhéil
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe.
Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn Airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí.
Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC

15:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Fá Bhruach an Chladaigh’ le Cormac Mac Giolla Easpaig á sheoladh ag Seán Mac Corraidh
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Beár 2, Leibhéal 2, ICC

15:00 – 17:00 SIÚLÓID THREORAITHE
Siúlóid threoraithe i lár chathair Bhéal Feirste leis an Ollamh Fionntán de Brún ina bpléifear stair na Gaeilge agus stair Chonradh na Gaeilge i lár Bhéal Feirste. ÁIT TOSAITHE: Doirse tosaigh Primark, An Ascaill Ríoga, Béal Feirste, BT1 1BL

16:00 AN POD GAEILGE BEO!
Seo an chéad seó beo riamh ag An Pod Gaeilge, sraith podchraoltaí Tuairisc ina ndéanann Bridget Bhreathnach agus a criú plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge agus ina ndéanann Helen Ní Shé paiste cainte le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.
Bí linn do scoth an chomhrá, na cuideachta agus an spraoi… IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC

16:00 SLIOCHT – DINNSEANCHAS
Plé ar an dinnseanchas i litríocht na Gaeilge le scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín. Cuirfidh na scríbhneoirí saothar nua ar ábhar an dinnseanchais i láthair mar chuid den ócáid.
FEAR AN TÍ: Micheál Ó Conghaile.
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

16:00 SEOLADH CLÁIRSEACH ÚRNUA
Seolfar cláirseach nua leis an gcláirseoir aitheanta, Úna Ní Fhlannagáin, ina bhfuil gnéithe den chláirseach ársa Ghaelach agus den nuachláirseach Éireannach. Beidh an chláirseach úrnua uathúil seo á seoladh le ceolchoirm ghearr ina gcloisfear fuaim dhraíochta na sreanga miotail ó thraidisiún ársa na nGael. Beidh albam nua Úna, ‘Tús’, ar fáil ag an ócáid seo chomh maith. vIONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

16:00 CRUINNIÚ CHINN BHLIANA
AerachAiteachGaelach
Is comharghrúpa ealaíon LADTAIÉ+ é AerachAiteachGaelach a bhfuil sé de sprioc aige tacú le healaíontóirí aiteacha a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha in ealaíona na Gaeilge. Tiocfar le chéile ag an gCruinniú Cinn Bliana chun plé a dhéanamh ar bhuaicphointí na bliana, eolas faoi chuntais na heagraíochta a léiriú agus coiste 2026 a cheapadh
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD: Svuít Bhaile Átha Cliath, Leibhéal 1, Óstán Europa

16:30 SEOLADH FEACHTAS NÁISIÚNTA
Cur i láthair ó AMLÉ agus ó léachtóirí leis an bhfeachtas náisiúnta ar son oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge a sheoladh go hoifigiúil. Pléifear aistear agus torthaí na Breataine Bige, an cás in Éirinn agus an bealach chun cinn, chomh maith leis na constaicí polaitiúla os ár gcomhair. Fáilte roimh chách, ach go háirithe roimh mhic léinn agus roimh léachtóirí ollscoile.
Arna eagrú Aontas na Mac Léinn in Éirinn IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC

16:30 – 19:30 PODCHRAOLADH BEO
Bígí linn nuair a bheidh foireann podchraoltaí Seachtain ag taifeadadh beo ó Oireachtas na Samhna!
Buail leis an fhoireann, ina measc Áine Ní Bhreisleáin, Tessa Fleming, Ciarán Dunbar, Storm Eaton-Kilgallen agus Gearóid Ó Muilleoir agus iad ag plé smaointe, tuairimí agus scéalta ár linne.
Buail isteach, éist linn, agus bí mar chuid den chomhrá!
Arna chraoladh ag Seachtain, The Irish Independent IONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC

17:00 CLUB NA FÉILE NA nÓG
Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth!
Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde.
AÍONNA SPEISIALTA: Cleamairí Feirste & ceoltóirí óga ó na Gaeltachtaí a bhí páirteach sa chlár Cuisle de chuid Ealaín na Gaeltachta
Á chur i láthair ag Odí Ní Chéilleachair
IONAD: Halla 2B, Leibh al 1, ICC

17:00 LÉACHT: CÉ AS A dTÁINIG AN SEAN-NÓS
Léacht bunaithe ar an leabhar/albam Gealach na gCuanta le Doimnic Mac Giolla Bhríde
Tabharfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde, Paddy Glackin agus Úna Ní Fhlannagáin léacht ar bhunús an tsean-nóis agus an ceangail atá aige le traidisiún ársa cláirseoireachta na nGael. Sa léacht taispeánóidh siad gur chan na sean-chláirseoirí agus go dtug siad tionlacan dóibh féin ar an gcláirseach. D’fhorbair an sean-nós as an traidisiún seo, cé gur thit an cláirseach Gaelach ar leath-taobh. Bhailigh Edward Bunting cuid mhaith den eolas seo in 1792 ag Cruinniú na gCláirseoirí i mBéal Feirste agus níl Oireachtas níos foirstinigh ann le seo a phlé!
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

17:00 COMHDHÁIL NA nGAEL – TIONSCADAL CHOLMCILLE RAIDIÓ FÁILTE
Beidh aoichainteoirí as Albain agus Manainn ag plé a gcuid eispéaras maidir le caomhnú agus cur chun cinn teanga agus cultúir ina dtíortha féin. IONAD: An Bálseomra, Leibhéal 1, Óstán Europa

17:00 LÉAMH DRÁMA
Insíonn OCRAS scéal pobail thuaithe in Éirinn a scriosadh de bharr tubaiste de dhéantús an duine.
Glaoitear “an Gorta” air i gcúrsaí staire agus oideachais — ach is é a iarrann an léitheoireacht ar an dráma seo ná go ndéanfaí machnamh ar an gceist: an Gorta a bhí ann i ndáiríre?
Tá taibhse na tragóide sin agus an chinedhíothaithe fós linn. Tá an t-aistriú seo scríofa le hómós do stair chrua na hÉireann agus d’fhulaingt ár sinsear — ach freisin chun daoine a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar an nasc idir ár stair agus na coireanna atá ag titim amach ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.
Á chur i láthair ag Cruinniú na gCleasaithe
IONAD: Barr an Tí, 12ú Urlár, Óstán Europa

18:00 MÓRSHEOLADH LEABHAR ARLEN HOUSE
Seolfar leabhair nua thaighde agus liteartha i nGaeilge le Ciarán Mac Murchaidh, Seán Mac Risteárd, Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh.
Arna fhoilsiú ag Arlen House
IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

19:00 CORN UÍ RIADA
Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ RnaG agus www.tg4.ie
IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC

20:00 DRÁMA SA DORCHADHAS
‘An Eachtra’, dráma bleachtaireachta ó pheann Nuala Ní Néill d’Aisling Ghéar, arna léiriú ag BBC Gaeilge le cuidiú ó An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC

21:00 AN QUEERCAL COMHRÁ
Is grúpa sóisialta é an Queercal Comhrá le haghaidh cainteoirí Gaeilge LADTAIÉ+. Tá grúpaí i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i nDoire, gCo. an Chláir, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Londain, i Luimneach agus i Sligeach! Buailfidh muid ar fad le chéile ag an Oireachtas. Tar agus cuir tú féin in aithne dúinn! IONAD: An Leabharlann, Leibhéal 1, Óstán Europa

22:00 GAELGÁIRÍ
An t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne. IONAD: An Bálseomra (Cuid 4-5), Leibhéal 1, Óstán Europa

22:00 CLUB NA FÉILE
Le scoth an cheoil ó Seán Mac Corraidh agus The Hot Whiskeys
IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa

22:30 CLUB AMHRÁNAÍOCHTA
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide IONAD: An Bálseomra, Leibhéal 1, Óstán Europa

22:30 – 01:00 CLUB NA FÉILE
Le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4
IONAD: Halla Uladh15:00 SCEITSE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: An Stiúideo, ICC

Dé Domhnaigh an 2 Samhain
11:00 AIFREANN AN OIREACHTAIS
Ceiliúraithe an Aifrinn: An tEaspag Alan Mac Eochagáin, Deoise an Dúin agus Choinnire An tAth. Piaras Mac Siacais SJ. Comhordaitheoir an cheoil agus cantóir: Nóilín Nic Bhloscaidh
Ceoltóir (Fidil): Mairéad Forde; Ceoltóir (Méarchár): Kathy Mc Keagney; Ceoltóir (Feadóg mhór): Marion Leyden; Aoicheoltóirí: Lillis Ó Laoire (cantóir) agus Marcas Ó Murchú (feadóg mhór)
Arna chraoladh beo ar RTÉ RnaG IONAD: Séipéal Naomh Muire, Lána an tSéipéil, Béal Feirste, BT1 1HH

12:00 – 13:00 CRAOLADH BEO ‘Togha agus Rogha’ Arna chraoladh beo ar RTÉ RnaG
IONAD: Óstán Europa

15:00 SEIRBHÍS PHREISPITÉIREACH
Arna eagrú ag An Tor ar Lasadh le tacaíocht ón gComhairle agus ón Oirmhinneach David Moore atá i bhfeighil na Tionólainne in iarthar Bhéal Feirste. Beidh an tOirmhinneach Pádraigín Nic Giolla Bhríde i bhfeighil na Seirbhíse agus beidh An tOirmhinneach Jim Stothers ag seanmóireacht. Léifidh Linda Ervine agus Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív léachtaí agus beidh Jacynth Hamill i mbun ceoil in éineacht leis an ngrúpa Albanach, Glòraich. Beidh Ministir Fitzroy, an tOirmhinneach Steve Stockman, Modhnóir na Eaglaise Preispitéirí in Éireann, An Fíor-Oirmhinneach Trevor Gribben agus An Sár-Oirmhinneach Easpag Alan Mac Eochagáin i láthair don tSeirbhís chomh maith.
IONAD: Eaglais Fitzroy, 77 Sráid na hOllscoile, Béal Feirste, BT7 1HL

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.