Dé Sathairn an 4 Deireadh Fómhair

Dianchúrsa Gaeilge
9.30 am i nGaelscoil na gCrann
Ranganna Gaeilge 10 am go 3 pm le lón
3 pm, tae agus comhrá Samhna le Cathal Ó Manacháin
Ranganna do gach leibhéal Gaeilge
£15 an duine
Is gá d’áit a chur in áirithe, déan teagmhálai le hOisin 07542608741
Arna eagrú ag Pobal ar a’n Iúl

An Teach Glas
Ag ullmhú an gharraidh don gheimhridh
10 am go meán lae
An Chrannóg, Gaoth Dobhair
Fáilte roimh achan duine

Gairdín bisigh
Cúrsa gairdín 10 go 11:30 am
Caint, mean lae go 1 pm
Ionad Acmhainne Bhéal an Átha F92 XH70
Saor in Aisce
Eolais ó duchasnad@gmail.com
Togra de chuid Phobal Eascarrach

Club spraoi do pháistí trí Gaeilge
CLG Áth Dara
11 am go mean lae gach satharn go dtí an 18 Deireadh Fomhair
Sa phailliún, Gort an Mhainéir, V94YHV0
Eolais ó 086-1025831 nó clubspraoiathdara@gmail.com

Tráthnóna amhránaíochta
Tar chun amhrán a fhoghlaim agus fan leis na hamhráin Ghaeilge atá agat a roinnt
2 pm ceardlann do pháistí le Niamh
3 pm ceardlann do dhéagóiri agus do dhaoine fásta le Nicola Joyce
4 pm seisiún na namhrán
Campbell’s Tavern, Cloch an Uabhair, H91T4A8
€5 an duine
https://buytickets.at/somethinginthewater
Á chur i lathair ag Gaeilgeoiri Áth Cinn

Línte Teorann
Oíche de litríocht bheo dhátheangach arna hóstáil an fhile agus oideachasóir Cat Brogan. 
Le Cormac Mac Gearailt, seaimpín Shlam Filíochta na hÉireann, Sam Ó Fearraigh, Robert Ardbuckle agus Ciorcal na Scríbhneoirí Aiteacha.
Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire 7.30pm
Ceardlann le Cormac, 2.30 go 4.30 pm, Siopa Leabhar Little Acorns (£10).
Ticéid, ceardlann amháin £10, Imeacht tráthnóna amháin £6, Margadh pacáiste,  ceardlann + ticéad tráthnóna £13
Níos mó ó bit.ly/borderlines1
Curtha i láthair i gcomhpháirtíocht le hÉigse Éireann

Lán a’ Mhála
Ceolchoirm Chuimhneacháin Mheaití Jó Shéamuis
7.30 pm
Amharclann Chois Fharraige
Ticéid €15
Ar díol roimh ré in Inis Fáil, an Spidéal, H91 X63V
Tuilleadh eolais ó optchoisfharraige@gmail.com nó 083 010 6294

IMMRAM
Eithne Ní Chatháin – guth; Erin Hennessey – fidil; Eilís Lavelle – cruit; Neil Ó Lochlainn – olldord, fliúit, ceol
7 pm
Ionas Cultúrtha Bhaile Mhuirne
Ticéid €15/€20
Teagmháil 026 45733, eolas@ionasculturtha.ie

Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair

Siúlóid sléibhe Log an Lá
Siúlóid sléibhe mheánach, an Bóthar Míleata, Log an Lá, Cnoc na Clochóige, Log an Lá
Fad 12 km, Dreapadh 750 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, Halla Clifton Éirchód D02 XP89
Imeoimid ag 9.30 am go cruinn.
Tús na siúlóide ag ionad páirceála, 2.6 km ó dheas ó Bhearna Bhealach Sailearnáin. 
Tagairt eangaí O 138 088 nó N53.1176 W6.3016.
Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11 am
Treoraí Seán: Nóta, má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré.
Treoracha go dtí tús na siúlóide ó Bhaile Átha Cliath, ón Teach Buí i Ráth Fearnáin gabh an R115 Bóthar Shrutháin Liam agus lean é 24 km, thar bharr Ghleann Crí agus trí Bhearna Bhealach Sailearnáin i dtreo An Láithrigh agus Ghleann Dá Loch. Sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh deas 2.6 km tar éis Bhearna Bhealach Sailearnáin.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí – www.cnocadoiri.com

Féile Liam O’Flynn
Grúpa ceoil na bliana, Danny O’Mahony, Macdara O’Faolain, Sorcha Ní Scolaí, Liz agus Yvonne Kane.
2.30 pm
Amharclann Moat, an Nás
Ticéid €20 ó https://moattheatre.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873676731

Club iománaiochta agus camógaíochta Uíbh Ráthach i gCiarraí Theas
Traenáil fómhair 2025
4-7 bliana d’aois  4.15 go 5pm
7-12 bliain d’aois 5 go 6pm
Gach Domhnach
Tuilleadh eolais ag pleanteangaur@gmail.com

Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair

Ióga do thosaitheoirí
6.30 pm gach Luain agus Déardaoin
Muintearas Thír Chonaill, F92C662
Tuilleadh eolais ag 074-9532578

Dé Máirt an 7 Deireadh Fómhair

Am scéalaíochta
Oiriúnach d’aois 3+
3.30 pm gach Máirt
I Leabharlann Thamhlachta
Fáilte roimh chách

Comhrá Teaghlaigh
Grúpa tuismitheoirí agus páistí
Ar mhaith leat níos mó Gaeilge a fhoghlaim?
Comhrá, cluichí, amhránaiocht, rannta, braon tae agus caife
5.30 go 7pm
Uair sa tseachtain in Áras Inis Gluaire!
Tuilleadh eolais agus clárú le siobhan@tuismitheoiri.ie agus 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Oíche airneáil, scéalaíocht agus amhránaíocht
Le Gearóidín Bhreathnach, buaiteoir Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge 2024
7.30 pm
Oifig Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn, F92YP93
Tuilleadh eolais ó 086-0751663 nó eolas@lionralc.ie

Dé Céadaoin an 8 Deireadh Fómhair

Cúrsa áitiúil gníomhaithe ar son na haeráide
Céard is féidir leatsa agus do ghrúpa pobail a dhéanamh?
Cúrsa ceithre seachtaine ar líne saor in aisce, bithéagsúlacht, fuinneamh, bia agus dramhaíl, athchúrsáil agus iompar
7.30 go 9 pm
Ag tosú Dé Céadaoin an 8 Deireadh Fómhair
Eolais ó Grainne O’Byrne, Oifigeach Oideachais Pobail GRETB ag communityed@gretb.ie / 091 706 294 nó Denise Feeney, Oifigeach Gníomhaíochta Pobail ar son na hAeráide, Comhairle Contae na Gaillimhe ag dfeeney@galwaycoco.ie nó cuir glaoch ar 087 4762558.

Déardaoin an 9 Deireadh Fómhair

Club 50 Ghaoth Dobhair
Ag bualadh le chéile achan Déadaoin ag 2 pm
An Chrannóg, F92EYT3
Eolas ó 074-9532208

Popcheol le Nicole
Aois 6+
6 go 7.30 pm
Ag Solas, Eachléim, Co. Maigh Eo
Níl aon chostas ar an ócáid, ach caithfear clárú roimh ré le:
siobhan@tuismitheoiri.ie agus 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ciorcal comhrá úr i Ráth Bhoth
7 go 8pm
Leabharlann, Volthouse, Diamond, Ráth Bhoth, Co. Dun na nGall
Arna eagrú ag Brian Gallagher agus Christy Murray

Oíche cheoil le Bernie Pháid, Cormac agus Éamonn de Barra agus Nada Ní Chuirrín, rinceoir
7.30 pm
McAuley Place, an Nás
Ticéid ar fáil ar https://www.tickettailor.com/events/cilldaralegaeilge/1855685 nó ríomhphost caoimhe@cilldaralegaeilge.ie


Féile na Laoch 2025, an Clabhsúr

Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair go Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair
Cúil Aodha, Co. Chorcaí

Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair

8 pm Fuinneamh na mBan, Halla na Laoch
Áras Éamoin Mhic Shuibhne, Cúil Aodha
Le cainteoir Catherine Connolly, amhránaithe Lisa O’Neill agus Nell Ní Chróinín agus Cór Ban Chúil Aodha ag cuir i láthair Laoi na Laoithe
Ticéid saor ó eventbrite.ie

Dé Sathairn an 4 Deireadh Fómhair

Meán lae An Ród sa Romhainn go 2032,  Halla na Laoch
Áras Éamoin Mhic Shuibhne, Cúil Aodha
Tionól pobail do chách ag ceistiú gach ní sna seacht mbliana romhainn le saineolaithe éagsúla agus ag úsáid Intleacht Shaorga bheo.

9 pm dúnadh Fhéile na Laoch 2025, Halla na Laoch, Áras Éamoin Mhic Shuibhne, Cúil Aodha
Coirm cheoil le Ceoltoirí Chualann, Cór Chúil Aodha, Cór Ban Chúil Aodha agus na Léitheoirí. Múchadh an lóchrann agus dúnadh Cófra na Laoch go Lá Bealtaine 2032.

Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair

11 am Aifreann i Séipéal Ghobnatan, Cúil Aodha
Aifreann in omós do Sheán Ó Riada agus leagadh bláthfhleasc ar a uaigh i Reilg Ghobnata

Eolas ó www.feilenalaoch.com


Féile an Fhómhair, féile dhátheangach

Ceatharlach
Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair 2025
Deireadh seachtaine siúlach

6.30 pm siúlóid sa dorchadas
Siúl ar Shliabh na Carraige Duibhe
Nios mó ó www.carlowtourism.com/walkingfestival agus 059 9130411

Dé Sathairn an 4 Deireadh Fómhair 2025

Lá Fláithiúlachta an Fhómhair ag an nGairdín Beo
11 am saothrú síolta
12 pm ceol na maidine le Angela Keogh
2 pm timthrial an chomais

2.30 pm ceol an fhómhair le Seinnteoirí Ucailéile Cheatharlach
4 pm Tar isteach, buailfimid le chéile ag Moka Café,  Margadh an Fhéir R93 F224
6.15pm Aifreann as Gaeilge
le Cór & Ceoltóirí an Aifrinn in Ardeaglais na Deastógála, Ceatharlach

Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair 2025

2 pm siúlóid cois Bearú ó Mhaigh Géine go Baile Cheatharlach
Bus saor in aisce ó Chrann na Saoirse go Maigh Géine
Clárú roimh ré ag 059 913 0411 nó 087 2857048 nó info@carlowtourism.com

Níos mó eolas ó Ghlór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.
Ríomhphost emma@glorcheatharlach.ie
Fón 085 134 0047 nó 087 285 7048


Daonscoil an Fhómhair 2025

An 3 go dtí an 5 Deireadh Fómhair in Óstán Ghuagán Barra, Co. Chorcaí

Scéal mo Bheatha’

Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair 2025

7 pm dinnéar
8 pm léacht phoibli, Mo shaol mar amhránaí le Conchubhar Ó Luasa, amhránaí agus buaiteoir Chorn Ui Riada
9.30 pm Ceol

Dé Sathairn an 4 Deireadh Fómhair 2025

8.30 am bricfeasta
10.30 am seoladh iris staire Dhúiche Falla leis an Dr. Aogán Ó hlarlaithe
11.30 am Foclóir Uí Bhuachalla agus focalstór Mhúscraí leis an Dr Katie Ní Loingsigh
12.30 pm lón
1.30 pm turas bus, Reilig Inse Grimhleach leis an staraí áitiúil Seán Ó Súilleabháin
4 pm seoladh leabhair, Seoda na Sean, bailiúchán amhrán ó Chairbre, Múscraí agus ceantair eile i nDeas-Mhumhain, le Pádraig Mac Cárthaigh. Óstán Creedons, Inse Geimhleach
6.30 dinnéar
8 pm léacht phoibli, Séamus Murphy RHA (1907-1975). Dealbhóir, agus an saothar cloiche a dhein sé ar fud Mhúscraí le Séamus Ó Máille
10 pm scoraíocht

Dé Domhnaigh an 5 Deireadh Fómhair 2025

8.30 am bricfeasta
10 am siúlóid agus scaradh na gcarad

Fáilte roimh chách
Léachtai poiblí (saor in aisce)
Tuilleadh eolais ag Óstán Ghuagán Bharra (026-47069)
Ríomhphost info@gouganebarrahotel.com

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.