Iarnród Éireann ag seoladh feachtas Fáinne ar Bord chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar thraenacha

Banna cheoil Burnchurch; Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha, Conradh na Gaeilge; Erin Burns, Oifigeach Gaeilge, Iarnród Éireann; agus Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí An tOireachtas.
Grianghraf: Paul Sharp/SHARPPIX

De réir suirbhé nua a rinneadh ar níos mó ná 7,100 duine, dúirt leath de na paisinéirí traenach (50.53%) go n-úsáidfidís níos mó Gaeilge dá mbeadh a fhios acu go labhraíonn ball foirne í. Léirigh na torthaí, a d’eisigh Iarnród Éireann i gcomhar le Conradh na Gaeilge, go bhfuil an pobal i bhfad níos dearfaí i leith úsáid na Gaeilge ar sheirbhísí iarnróid ná mar a samhlaíodh.

Bhain beirt as gach triúr (os cionn 65%) taitneamh as an teanga a chloisteáil ar an traein, agus dúirt 70% go bhfuil sé tábhachtach nó an-tábhachtach í a úsáid sa saol poiblí. Mar sin féin, luaigh duine as gach triúr (36%) go mbíonn easpa deiseanna mar an phríomhchúis nach labhraíonn siad Gaeilge níos minice ar thraenacha.

Mar fhreagra ar na torthaí sin, sheol Iarnród Éireann an feachtas Fáinne ar Bord, tionscnamh nua atá dírithe ar úsáid na Gaeilge a spreagadh ar fud an ghréasáin iarnróid. Beidh baill foirne atá líofa nó a bhfuil cúpla focal acu ag caitheamh an fháinne, siombail aitheanta a léiríonn go bhfuil siad sásta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tugann an tionscnamh seo, a forbraíodh le tacaíocht Chonradh na Gaeilge deis do phaisinéirí idir líofa agus fhoghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh go nádúrtha. Beidh ranganna Gaeilge ar fáil do bhaill foirne Iarnród Éireann, le muinín agus cumas teanga na foirne a neartú chun tacú le taithí dhátheangach níos fearr do phaisinéirí.

Ag cur leis an bhfís seo, tá Iarnród Éireann ag tacú freisin le hOireachtas na Samhna 2025, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Mar chuid den pháirtíocht seo, cuirfear taisteal saor in aisce ar fáil do 30 taibheoir agus oibrí deonach, agus seolfar an chéad charráiste Gaeilge amháin riamh, spás comhrá tiomnaithe do lucht na féile.

Dúirt Erin Burns, Oifigeach Gaeilge Iarnród Éireann:

“Tugann na torthaí seo le fios go bhfuil fonn ar phaisinéirí a gcuid Gaeilge a úsáid, níl de dhíth orthu ach an deis. Tríd an bhfeachtas Fáinne ar Bord agus ár gcomhpháirtíochtaí le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas, táimid ag déanamh na Gaeilge níos feiceálaí, níos fáiltí agus níos inrochtana.”

Chuir Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, fáilte mhór roimh an gcomhpháirtíocht:

“Tá muid ag cruthú bealaí follasacha do dhaoine an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha, bíodh sé i gcomhrá iomlán nó le cúpla focal.”

Agus í ag moladh an tionscnaimh, dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais:

“Tá Iarnród Éireann ag leanúint ar aghaidh le traidisiún atá ann ó 1897, ag cur le húsáid na Gaeilge agus le spásanna comhrá don phobal le linn Oireachtas na Samhna.”

Tá na tionscnaimh seo mar chéim shuntasach chun an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana i saol an lae inniu. Trí dheiseanna praiticiúla a thabhairt don fhoireann agus don phobal, tá Iarnród Éireann ag cur leis an ngréasán iompair a bheidh ní hamháin dátheangach, ach fáiltiúil do chainteoirí Gaeilge ar gach leibhéal.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.