Grianghraf cuimhneacháin á nochtadh do Ghearóid Ó Cairealláin ag Raidió Fáilte

Cóilín Duffy

Nochtadh grianghraf speisialta ag Raidió Fáilte i mBéal Feirste Dé Céadaoin in ómós don cheannródaí Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin, a d’éag i mí na Nollag 2024. Níor imir duine ar bith tionchar níos mó ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste ná Gearóid, duine a raibh a shaothar le brath ó bhunú Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go bunú Raidió Fáilte féin, agus ó fhorbairt Choláiste Feirste go cur chun cinn na Gaeilge mar chroítheanga phobail i mBéal Feirste Thiar.

Ba é Eamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais, a nocht an grianghraf go hoifigiúil, agus thug sé ómós speisialta don fhear a d’athraigh fís na Gaeilge i dtuaisceart na tíre.

“Sea, bhí sé ina cheannródaí i measc daoine eile,” a dúirt sé le An Páipéar. “Is minic a bheadh lagmisneach ar dhaoine eile, ach choinnigh siad an misneach, agus tá obair na gcapall déanta acu. Bhí misneach go tréan i nGearóid i gcónaí. Chonaic mé reabhlóid chultúrtha ag tarlú, an Chultúrlann, Aisling Ghéar, Raidió Fáilte agus an t-uafás eile. An rud faoi mhuintir Bhéal Feirste ná nár theip ar an bhfís a bhí acu.”

Dúirt mac Ghearóid, Ainle Ó Cairealláin, a labhair ag an searmanas, gur ócáid bhríoch í don teaghlach.

“Rinne m’athair an-chuid oibre leis an Ghaeilge ar feadh blianta fada,” a dúirt sé. “Bhí sé lárnach i mbunú na Cultúrlainne agus Raidió Fáilte, a chraol den chéad uair mar stáisiún príobháideach in 1985. Tá sé iontach a bheith le chéile inniu agus beagán aitheantais a fháil don obair sin. Ach ar ndóigh, ní ar son an aitheantais a rinne sé an obair. Rinne sé í don phobal. Sin an rud is tábhachtaí.”

Luaigh sé freisin gur comhartha é an ócáid seo ar dhul chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste.

“Is comhartha mór é go bhfuil an tOireachtas féin ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair ó 1997,” a dúirt sé. “Taispeánann sé sin an dul chun cinn atá déanta againn. Tá sé ina sheachtain mhór don chathair, idir an tOireachtas agus an ócáid seo i Raidió Fáilte.”

Bhí neart cairde agus comhghleacaithe de chuid Ghearóid i láthair, ina measc ceannairí agus craoltóirí ó gach cearn de shaol na meán Gaeilge: Gearóid Mac Donnacha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life, Fachtna Ó Drisceoil, láithreoir Tús Áite, chomh maith le Caoimhe Ní Chathail ón BBC agus an t-amhránaí agus láithreoir Joy Dunlop ó BBC Alba.

Mar a dúirt duine dá chomhghleacaithe ag deireadh na hócáide, “Ní amháin gur bhunaigh Gearóid institiúidí, ach bhunaigh sé pobail, agus fágfaidh sé lorg nach múchfar i gcroí na Gaeilge i mBéal Feirste.”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.