
Lá na vótála atá ann chun cinneadh a dhéanamh faoin gcéad uachtarán eile ar Éirinn. Ar ndóigh, an cheist atá á plé le tamall anuas is ea cé chomh tábhachtach agus atá sé Gaeilge a bheith ag an Uachtarán?
D’eisigh Conradh na Gaeilge eolas faoi sheasamh na n-iarrthóirí uachtaránachta i leith éilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá an t-eolas seo mar chuid den fheachtas Gaelvóta atá ag Conradh na Gaeilge. Iarrann siad ar phobal na Gaeilge an Gaelvóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta inniu.
Is iad Catherine Connolly agus Heather Humphreys an bheirt iarrthóirí atá fágtha sa rás uachtaránachta. Mar sin féin, níl ach Connolly in ann an Ghaeilge a labhairt.
Dúirt Connolly go bhfuil sí líofa agus bíonn Gaeilge á labhairt aici ina cuid oibre agus a saol pearsanta go laethúil. Cé gur fhoghlaim sí Gaeilge ar scoil, ní raibh an deis ag Humphreys an teanga a úsáid agus chaill sí í. Ba mhaith léi a cuid Gaeilge a fheabhsú.
Tá tuairimí éagsúla acu chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn má thoghtar iad mar Uachtarán na hÉireann. Ba mhaith le Humphreys iarracht náisiúnta a stiúradh dúinn chun an Ghaeilge a úsáid níos mó inár saol laethúil.
Dúirt Connolly go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre an Árais más ise a bheas ina huachtarán. Ina theannta sin, dúirt sí go mbeidh doras an Árais oscailte agus fáilte mhór roimh mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá sí ag iarraidh tacaíocht agus cabhair a thabhairt dóibh.
Cuirtear ceist ar na hiarrthóirí maidir le héilimh an fheachtais Cearta. Aontaíonn Connolly leis an bhfeachtas agus dúirt sí go bhfuil tacaíocht léirithe aici do na héilimh seo go minic. Dúirt Humphreys gur chabhraigh sí tuilleadh maoiniú a fháil don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in 2014.
An mbeidh Gaeilge ag an gcéad Uachtarán eile na hÉireann?