
Is é Éirí amach sa GPO 1983 & Scéalta Eile an seó scéalaíochta is déanaí ón scéalaí clúiteach Risteard Ó Laoghaire. Cuirfear i láthair é i nGaeilge i mBéal Feirste sa Ledger Studio ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain le teacht leis an Oireachtas ag deireadh na míosa seo.
Éirí Amach sa GPO 1983, scéal na rún oifigiúil agus faoin ngrá faoi cheilt in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath in 1983. Scéal faoi shuimeanna móra airgid, rianta páipéir agus glaonna gutháin. Is céal dochreidte cosúil le síscéal Éireannach é ach is fíorscéal atá ann.
I measc scéalta eile tá O’Leary is ainm dom, agus scéalta greannmhara eile faoi Risteard agus faoin Ghaeilge sa tSín in 1987.
Ionad, The Ledger Studio, spás bainistithe Cheathrú na hArdeaglaise,
109-113 Ascaill Ríoga,
Béal Feirste, BT1 1FF
Tuilleadh eolais agus ticéid le fáil ó www.richardstories.com
Is seanchaí homaighnéasach é Risteard Ó Laoghaire a bhí le feiceáil sa Druthaib’s Ball leis an Array Collective a bhuaigh Duais Turner in 2021. Is é a chruthaigh an seó aonair scéalaíochta Border Fairies.