Tá scéal níos dearfaí le hinsint i mbliana maidir leis an nGaeilge agus an Cháinaisnéis agus €159 milliún curtha ar leataobh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, méadú suntasach 29% ar an mbliain seo caite. Is é seo an buiséad is mó dá leithéid riamh, agus comhartha soiléir go bhfuil an rialtas ag aithint go bhfuil todhchaí na Gaeilge ina hábhar straitéiseach don tír ar fad, ní hamháin don chúpla ceantar Gaeltachta.

Ní féidir a shéanadh gur céim mhór chun cinn é sin. Tar éis blianta de chiorruithe, easpa acmhainní agus caint fholamh, tá infheistíocht shuntasach á déanamh arís i gcroílár an phobail, sna daoine, sna ceantair, agus sna seirbhísí a choinníonn an Ghaeilge beo. Beidh cuid mhaith den airgead seo ag dul i dtreo fhorbairt pobail, tithíocht i gceantair Ghaeltachta, tacaíochtaí do ghnóthlachtaí beaga, agus tionscadail óige agus cultúir.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.