Sinead McNulty agus Helen O’Rourke – beirt de na pearsaí is mó tionchar i spórt na mban ag fágáil a bpost i mbliana i lár phróiseas comhtháthaithe CLG

Tá tréimhse mhór athraithe os comhair spórt na mban in Éirinn tar éis fógraí a rinneadh an tseachtain seo. D’fhógair Sinead McNulty go bhfuil sí ag éirí as mar Ard-Stiúrthóir an Chumainn Camógaíochta tar éis sé bliana sa ról, agus tá Helen O’Rourke tar éis a chur in iúl go mbeidh sí ag eirí as a post mar Ard-Stiúrthóir Chumann Peile Gael na mBan ag deireadh na bliana, tar éis tréimhse seirbhíse a mhair beagnach trí scór bliain.
Is as Baile Átha Cliath do Shinéad McNulty agus tháinig sí i gceannas ar an gCumann Camógaíochta in 2018 tar éis tréimhse oibre san earnáil spóirt ag leibhéal bardasach agus acadúil, go háirithe mar cheann spóirt in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus i róil forbartha spóirt i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Le linn a seala, bhí sí ag obair go dlúth le hoifigigh agus le hoibrithe deonacha chun forbairt a dhéanamh ar an gcamógaíocht ar fud na tíre agus thar lear. Tagann a fógra tráth a bhfuil an Cumann Camógaíochta, CLG agus Cumann Peile Gael na mBan i mbun próiseas aontaithe atá á mhaoirsiú ag an nGrúpa Stiúrtha Comhtháthaithe faoi stiúir iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, cé nach bhfuil dáta críochnaithe soiléir leagtha amach fós.