Dealbh Mhail Ní Mhaoileoin athchóirithe

Jenna Goulding

Is tarraingt mhór do thurasóirí é dealbh Mhoil Ní Mhaoileoin. Coimisiúnaíodh an dealbh in 1988 do cheiliúradh mílaoise Bhaile Átha Cliath. 

Nochtadh an dealbh athchóirithe don phobal níos luaithe an tseachtain seo. Bhí cláir curtha timpeall uirthi ar feadh cúpla lá le haghaidh oibreacha. Tháinig drochdhath ar chliabhrach na deilbhe cáiliúla tar éis blianta fada de chuimilt.

Bhí sé seo ina chúis chonspóide le déanaí, agus imní ann nach raibh daoine ag léiriú meas ar Mhol. I mí Aibreáin, fógraíodh go mbeadh maoir ar patról ag an dealbh ó thús mhí na Bealtaine. Mar chuid den chlár, sheas na maoir in aice leis an dealbh agus rinne siad idirghabháil má chuaigh aon duine chun an cliabhrach a chuimilt. Níor éirigh leis an gclár seo agus fuarthas amach tar éis imscrúdú go raibh an dealbh corrach.

Cuireadh an dealbh cré-umha ag bun Shráid Grafton ar dtús sular aistríodh í go dtí a suíomh reatha ar Shráid Suffolk i 2014. Is í an t-ealaíontóir Jeanne Rynhart a chruthaigh í.

Creideann turasóirí gur ádh mór é cliabhrach na deilbhe a chuimilt. Ní théann an cleachtas seo siar ach go dtí 2012 agus creidtear gur thosaigh treoraí turasóireachta é.

De réir scéal cáiliúil béaloidis, ba chailín óg álainn í Mol. D’oibrigh sí mar dhíoltóir éisc go dtí gur bhásaigh sí go tobann de bharr fiabhrais. Tar éis a báis, deir an scéal gur thosaigh a taibhse ag siúl shráideanna Bhaile Átha Cliath.

Níl aon fhreagra soiléir ann an duine fíor a bhí inti nó nach é. Tá roinnt teoiricí ann faoi cé a d’fhéadfadh sí a bheith bunaithe uirthi. Mhol teoiric amháin go bhfuil sí bunaithe ar bhean fhíor a fuair bás i mBaile Átha Cliath in 1699. Mar sin féin, leanann an díospóireacht ar aghaidh maidir le fírinne scéal Mhoil Ní Mhaoileoin nó a mhalairt.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.