Bhí an-díomá go deo ar mhuintir na ndaoine a fuair bás i nDoire Domhnach na na Fola nuair a fuarthas David Cleary, Saighdiúir F, neamhchiontach i ndúnmharú beirte agus in iarracht cúigear eile a dhúnmharú.
Bhí breithiúnas an Bhreithimh Patrick Lynch go han-soiléir agus é ag cáineadh gníomharatha na Reisiminte Paraisúit an lá uafásach sin i nDoire in 1972.
Dúirt sé go soiléir gur scaoileadh saoránaigh gan arm sa droim agus iad ag teitheadh ón láthair, agus gur cheart do na daoine a bhí freagrach “a gceann a chreathadh i náire”.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!