Conradh síochána Gaza ar na bacáin?

Domhnall Mac Concharraige

Tá sé ráite ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go mbeadh sé ar cheann de na laethanta is fearr riamh. Bhí sé ag tagairt don chonradh síochána a mhol sé chun deireadh a chur leis an gcinedhíothú in Gaza. Sa chonradh bheadh deireadh cuimhsitheach leis an gcogadh, scaoilfí saor 250 cime Palaistíneach ar faoi phianbhreith saoil agus scaoilfí saor 1,750 Palaistíneach eile a bhí gafa ó thosaigh an cinedhíothú. Mar chuiteamh air seo scaoilfí saor na gialla Iosraelacha atá fágtha in Gaza. Bheadh maithiúnas do bhaill Hamas má chuireann siad a ngunnaí síos agus má gheallann siad go bhfuil siad dírithe ar shíocháin.

Má tharlaíonn sé seo tarraingeoidh Iosrael amach ó Gaza ach bheadh fórsa síochána idirnáisúnta fágtha, fórsa déanta de thrúpaí Arabacha, go dtí go bhfuil an tÚdarás Palaistíneach i gceannas ar an gcríoch. Tá Netanyahu tar éis tacaíocht a thabhairt don phlean ach caithfidh sé dul os comhair an Knesset le haghaidh vóta. De réir Hamas ní aontóidh siad le díchoimisiúnú in aon chór, ach fós de réir Chatar, atá ag obair mar idirghabhálaí don dá thír, tógfaidh sé roinnt ama mar tá Hamas ag déanamh scrúdú ar an gconradh sula gcuirfidh siad ráiteas amach.

Tá cuma ar an scéal nach n-aontóidh Hamas leis an gconradh mar dúirt Ghazi Hamoud in agallamh ar CNN an seachtain seo caite nach bhfuil sé i gceist acu a gcuid gunnaí a thabhairt ar láimh. Tá sé i gceist acuáfach go mbeadh Hamas lá éigin mar chuid d’arm Palaistíneach i stát neamhspleach. Dúirt sé chomh maith nach ngéillfidh siad riamh. In Gaza féin ní raibh gach duine aontaithe maidir leis an gconradh síochána. I roinnt agallamh ar Al-Jazeera dúirt cúpla duine ó Gaza nach bhfuil muinín ar bith acu as Trump nó Netanyahu. Dúirt Atta Al-Jazzar, atá ina chónaí i gCathair Gaza, nach aontaíonn sé leis an bplean ach níl an dara rogha acu. Dúirt Raed Sobh ó Chathair Gaza chomh maith nach bhfuil aon dóchas aige don phlean. “Sula raibh sé ina uachtarán dúirt Trump go gcuirfeadh sé stop le cogaí uile ar fud an domhain. Táimid anseo bliain ina dhiadh agus níor tharla faic”. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.