Údarás na Gaeltachta ag spreagadh úsáid na teicneolaíochta nua i gcruthú ábhari físe trí Ghaeilge
Tá comórtas nuálach fógartha ag Údarás na Gaeltachta chun úsáid na teicneolaíochta hintleachta saorga (IS) a chur chun cinn i measc cruthaitheoirí Gaeilge. Tugann Comórtas Ábhar Cruthaitheach Intleachta Saorga as Gaeilge deis do dhaoine aonair agus do ghrúpaí iniúchadh a dhéanamh ar fhéidearthachtaí nua na teicneolaíochta agus ábhar úrnua i nGaeilge a chruthú.
Tá fáilte roimh iarratais ó gach leibhéal taithí, idir chruthaitheoirí seanbhunaithe agus daoine atá díreach ag tosú ar a dturas. Is féidir le hiarratasóirí a n-iontrálacha a chur isteach trí An Togra Scéalaí ar shuíomh FilmFreeway, áit a bhfuil na treoirlínte agus na rialacha ar fad le fáil.
Ag labhairt dó ag seoladh an chomórtais, dúirt Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Seirbhísí Coparáideacha le hÚdarás na Gaeltachta, “Tá áthas orainn an comórtas seo a sheoladh chun tuilleadh ábhair i nGaeilge a spreagadh. Tá súil againn go bhfeicfimid níos mó ábhar físe á dhéanamh trí Ghaeilge agus níos mó cruthaitheoirí ag baint tairbhe as an teicneolaíocht nua seo.”
Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas níos mó ábhar chruthaitheach Gaeilge a spreagadh, ag úsáid uirlisí IS mar chabhair i scríobh, eagarthóireacht, fuaim, nó físeáin. Léiríonn an tionscnamh tiomantas Údarás na Gaeltachta forbairt dhigiteach na Gaeilge a chothú, agus béim a chur ar chruthaitheacht, nuálaíocht agus teicneolaíocht araon.
Cuirfear béim ar úsáid fhreagrach agus chruthaitheach IS, le scannánóirí agus forbróirí á spreagadh le turgnamh a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ar fáil chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh i saol na meán nua-aimseartha.
Beidh na hiontrálacha is fearr roghnaithe don ghearrliosta le taispeáint ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Is ag an ócáid seo a thabharfar blaiseadh den chruthaitheacht Ghaeilge trí lionsa na teicneolaíochta nua.
Tá an spriocdháta le haghaidh iontrálacha socraithe don 17 Deireadh Fómhair, agus tá gach eolas maidir leis an bpróiseas ar fáil ar filmfreeway.com/AnTograScealai
Táthar ag súil go mbeidh an comórtas seo mar chéim shuntasach eile i dtreo todhchaí ina mbeidh an Ghaeilge mar chuid nádúrtha de shaol na cruthaitheachta dhigiteach.