A Eagarthóir, a chara

Agus muid ag teannadh le deireadh an fheachtais Uachtaránachta go gairid, níl íontas orainn go bhfuil Catherine Connolly fós chun tosaigh.

Níl comparáid ar bith idir í féin agus na hiarrthóirí eile: an tUasal Gavin éirithe as, cé gur labhair ceannaire Fhianna Fáil ar a shon leis na meáin gach lá, agus an t-iarrthóir eile, an t-iar-aire Humphreys, ag athrá frásaí a páirtí pholaitiúil Fine Gael de réir mar a deirtear léi.

Tá a smaointe féin ag Catherine Connolly, agus labhraíonn sí amach gan scáth gan eagla.  Is bean stuama, staidéarach í, agus i ag seasamh ar son na neodrachta, na síochána domhanda, na Gaeilge agus, ar ndóigh, i gcoinne chinedhíothú Gaza. Tá dianstaidéar déanta aice thar na blianta ar reachtaíocht ag dul trí Theach Laighean, níl aon eagla uirthi roimh obair fhíorchrua, í ag freastal gan stad ar an iliomad cruinnithe agus ag cuidiú leis an iliomad cúiseanna maithe, cur chun cinn na Gaeilge ina measc.

Dob í an t-aon iarrthóir le Gaeilge, cúis náire don stát seo, agus a chóras oideachais.

Tá feachtas Catherine Connolly ag tabhairt na n-aoisghrúpaí go léir le chéile, agus á spreagadh chun misneach agus dóchas a bheith acu gur féidir linn an tír seo a fheabhsú ar an iliomad bealaí.

Go n-éirí an t-ádh léi! Ta an t-ádh le muintir na hÉireann í a bheith againn.

Is mise, le meas
Proinsias Ní Mhurchú
Ionad Buail Isteach na Gaeilge

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.