Bua mór don Ghaeilge

A Eagarthóir, a chara,
Is bua mór don Ghaeilge Catherine Connolly a bheith tofa mar Uachtarán na hÉireann. Beidh sí mar thuar dóchais duinn go léir, go háirithe daoine óga, a rinne sárobair ar a feachtas.

Tá gluaiseacht nua bunaithe aice, Ardaigh do Ghlór, agus tá áit dúinn uilig sa ngluaiseacht sin. Mar chéad tionscnamh, beidh an tUachtarán nuathofa ag ceiliúradh na Gaeltachta agus ag comóradh Choimisiún na Gaeltachta 1926 le hobair na Gaeilge a bhrú chun cinn.

D’fhéadfadh ré nua a bheith romhainn, ní hamháin dár dteanga agus cultúr, ach dár neodracht, dár neamhspleáchas agus don tsiocháin. Bhí Éire mar lóchrann na sibhialtachta agus na scoláireachta on gcúigiú go dtí an deichiú haois, agus an Eoraip sa ré dhorcha. Le dianobair an phobail, d’fhéadfadh muid ré órga a bheith againn arís.

Tá an tOireachtas faoi lán seoil i mBéal Feirste anois, agus an borradh ollmhór i ngach réimse de shaol na Gaeilge i gCúige Uladh le brath go soiléir. Tá cúis cheiliúrtha ag Gaeil ar fud an domhain, le spriod agus misneach nach raibh againn ó thús an fhichiú haois. Bí páirteach sa ngluaiseacht nua agus beir bua!

Le meas,
Seán Ó Dubhaill
Bóthar na Trá, Gaillimh

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.