An aghaidh sa scáthain
A Eagarthóir, a chara,
Nuair a fhéachaim sa scáthán, cím mise. Tá a fhios agam gur mise atá ann. Nuair a shiúlaim síos an bóthar, is mise fós mé. Ní gá dom cárta aitheantais a bheith agam, tá cárta taistil agus pas agam.
Tá critheagla orm roimh an gcárta aitheantais leictreonach agus an t-airgead bréagach leictreonach atá á mbrú chun cinn ag an bhfóram eacnamaíochta domhanda. Níor vótáileas dóibh ach teastaíonn mo shonraí pearsanta uathu, le cur leis na milliúin daoine eile a bheidh i mbunachar míllteach sonraí (tá súil acu). Chun inimircigh mhídhleathacha a choimeád amach, a deir siad. Nó chun cosc a chur ar mhuintir Ros Cré dul ar bhus, má thagann an diabhal scéime go hÉirinn. Scéim dhiabhlaí chun a thuilleadh saibhris a dhéanamh don Bhlár cogaidh agus a mhac. Beidh an “cárta aitheantais” nasctha le do chuid airgead bréagach ach ní bheidh aon airgead ann ach marcanna beaga a bhreacadh ar scáileán gutháin “chliste”. Coiligh chogaidh ag déanamh airgid ar do chuid airgid. Ochón!
Níl aon cheann de chúig pháirtí i dTuaisceart Éireann sásta lena leithéid de thíorántacht.Tá Albain agus an Bhreatain Bheag i gceist, agus taisteal ón ndeisceart go dtí an tuaisceart.
Chun tú féin a aithint, ní gá dhuit ach scáthán a bheith agat. Nach leor san? Cabhair Dé chughinn go léir!
Máire Úna Ní Bheaglaoich
Margadh na Feirme
BÁC 7